Ar Lorg Teadh Dúchasach Dhún na nGall

Teach Feirme Sínte, cóngarach de Mhálainn
‘Seomra Uachtarach’, Croithshlí
Tuídóireacht le Rópaí, Rann na Cille, Teileann
Ar Lorg Teadh Dúchasach Dhún na nGall
13ú Samhain - Eanáir 2018

Réamhrá
Tá níos mó títhe dúchasacha i gContae Dhún na nGall ná mar atá in
aon chontae eile in Éirinn. Déanann an taispeántas ‘Ar Lorg Teach
Dúchasach Dhún na nGall’ ceiliúradh ar títhe traidisiúnta Dhún na
nGall. Cuireann na títhe ar leith cónaithe siúd go mór le cuma cultúrtha
na tíre agus lenár mórtas áitreamh, is méadaíonn siad comh maith ár
dtuiscint ar ché muid fhéin. Déantar na foirmlí is na tréithe ar leith a
bhaineann le títhe dúchasacha Dhún na nGall a thabhairt chun tosaigh
tríd griangrafanna, is trí léiráidí is líníochtaí a thagann anuas dúinn ó
bhailiúcáin éagsúla náisiúnta is áitiúla. Deirtear gur ‘ailtireacht gan ailtirí‘
atá san ailtireacht a bhaineann le tithíocht traidisiúnta - is é sin gur
dhearadh is gur thógadh na títhe sin, ní de réir pleananna foirmeálta,
ach de réir nósanna is módhanna tógála a bhí bronnta anuas ó ghlúin go
glúin. Baineadh úsáid i gcónaí as bunábhair áitiúla, rud a d’fhág go raibh
na títhe traidisiúnta seo fréamhtha go daingean sa chultúr agus san
fhearann fisiciúl. 

Grianghraf 1. Teach Feirme Sínte, cóngarach de Mhálainn: Léiríonn an teach feirme sínte seo, le díon tuí ceangailte le rópaí, an cleachtadh traidisiúnta a bhí coitianta an teach cónaí a shíneadh fad a ais fhada tré seomraí breise nó tithe lasmuigh a chur leis. Clúdaíonn tuí díon an tí cónaí agus clúdach d’iarrann rocach (stán) ar an teach lasmuigh atá ceangailte leis.
© Joseph Gallagher


Grianghraf 2. ‘Seomra Uachtarach’, Croithshlí: Teach feirme le díon tuí ceangailte le rópaí le bóitheach tadhlach agus áit chónaithe os a chionn (rochtain ar fáil le dréimire ó íochtar na cistine). Tá an drísiúr atá in éadán balla cúil na cistine le feiceáil taobh istigh den doras tosaigh. Feictear ‘Seomra Uachtarach’, le díon sclátaí Breatnaise, ar cúl an príomhtintéan. Ba é Robert John Welch a ghlac an pictiúr seo go mall sa naóú céad déag nó go luath sa fíchú céad agus tá sé mar chuid dá bhailiúchán atá coinnithe i Músaem Uladh.
© Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann – Bailiúchán Mhúsaem Uladh

Grianghraf 3. Tuídóireacht le Rópaí, Rann na Cille, Teileann: Seamus Ó hEochaidh ag cur tuí ar theachín i Rann na Cille, Teileann, go mall sna 1930idí. Chleanglóidh an gréasán casta de rópaí (nó eangacha i gcuid de na háiteanna ar an chósta) a d’úsáidfí chun an tuí a dhaingniú de chlocha ag gobadh amach (bacáin) ar na sceimhleacha agus ar na beanna. Glacadh an pictiúr seo ó thráchtas Patrick O’Neill darbh ainm ‘A Social & Cultural Study of Crofter Life on the West Donegal Seaboard’ (1940).
Le caoinchead Cartlann Chontae Dhún na nGall, Comhairle Chontae Dhún na nGall

Cuireadh an taispéantas seo le chéile ag Oifig Oidhreachta
Chontae Dhún na nGall, Músaém Chontae Dhún na nGall,
Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall agus an tIonad
Cultúrtha Réigiúnach - iad uilig mar chuid de Comhairle
Chontae Dhún na nGall - i gcomhar leis an gComhairle
Oidhreachta agus Féile Ealaíne an Earagail.