John Mc Hugh - Mean Fómhair 2006
Tá an dealbhóir John Mc Hugh ina chónaí in Acaill. Baineann a shaothar go díreach leis an tírdhreach atá sa chomharsanacht agus le timeallacht thógtha an tsráidbhaile. Bíonn John ag obair go dlúth leis an phobal áitiúil.Tá taispeantáis tugtha aige in Éirinn – sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath, in Abha Teangaí, Acaill, i nGailearaí Crawford, Corcaigh, sa Model Arts Centre, Sligeach, i nGailearaí Chathair Luimnigh, sa Guinness Hop Store i mBaile Átha Cliath, san RHA i mBaile Átha Cliath, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá – sa Mitchell Gallery, Southern Illinois.- Taispeántas Faoin Aer, Southern Illinois University, Vergette Gallery. – Taispeántas Aonair Faoin Aer, Illinois.
Tá duaiseanna faighte aige ón Chomhairle Ealaíon, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo.
Déanann sé comhordú ar chuid oibre Chumann Heinrich Böll Acla – a chuireann ar fáil tréimhsí cónaitheacha idirnáisiúnta do scríbhneoirí agus ealaíontóirí sa teach beag a bhí ag an file Heinrich Böll, ar bronnadh duais Nobel air, ar Oileán Acla. Tá sé ina bhainisteoir ar Stiúideonna Theach an Chustaim i gCathair na Mart, áit ina gcuirtear ar fáil stiúideonna do dhearcealaíontóirí – clár do mhalartú idirnáisiúnta – stiúideo déanta priontaí agus spás gailearaí ina reáchtáiltear clár taispeántais lánaimseartha.



