“ÍOMHA CHEANNAITHE”
“ÍOMHA CHEANNAITHE”Rogha ealaíona le Brian Byrne
27ú Bealtaine - 29ú Meitheamh 2017
Domsa, tá próiseas na péintéireachta go bunúsach mothúchánach, meandrach agus láithreach ina fheidhm. Tá breathnú tábhachtach; ní ghlacaim nótaí i dtaca le dáth nó tagairtí líníochta, & rl. Is gnáth liom na híomhanna a shú isteach, ag súil go bpreabfaidh siad aníos nuair atá siad de dhíth. Ní dhéanaim réamhsceitsí siocair go dtig leo an fuinneamh a shú amach as próiseas na péintéireachta. Tá neasacht chur na gcéad mharcanna fíorthábachatach. Nuair amháin a fhaightear an móiminteam, cruthóidh an phéintéireacht a rithim féin. Nuair a chuirtear stop leis an rithim seo, beidh deireadh leis an phróiseas péintéireachta. Is é an pointe iarmhír den stopadh a shocraíonn cáilíocht an tsaothair.
Brian Byrne






