Sean Nós Nua
Is tionscnamh nualach, cruthaitheach é Sean Nós Nua a bhfuil údaraithe agus léirithe ag Ceardlann na gCroisbhealach, Fál Carrach. Tháinig tús leis an Aisling i 2006 le dhul i gceann ar an féidireacht nach bhfuil deiseanna ag deagóirí Thoraigh i gcultúr comh-aimsireatha agus chun staidear a dhéanamh ar cultúr na mic léinn chun gnéithe sainiúl, dúchasach a aimsiú. Bhí sé mar aidhm ag an Cheardlann an tionscnamh seo a chur le chéile i 2002 i bhfad sula raibh an teideal a úsáid ag Sinéad O' Connor mar theideal ar dhlú dhiosca! Tá triúr dheagóir d'éag ó Scoil Colmcille Thoraigh páirteach sa thionscnamh seo. Rinneadh an thionscnamh a dhearadh chun misneach a thabhairt do na daoiní óga seo ar eilimintí da gcultúr dúchasach.Ó Mean Fómhair 2006, tugadh oiliúint phraiticiúil san ealaín uair sa tseachtain ar an oileán; bonnteoiricí, dáth &rl. do na mic léinn chomh maith le gearreolas ar stair na healaíne ó am na hImpriseanachais go dtí an lá inniu agus taithí ar chleachtas ealaíne comhaimseartha an lae inniu. Chomh maith le sin thugtar ar chuairt iad chuig Danlann IMMA agus Gailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath. Seo an chead deis a bhfuair na deagóirí taithí a fháil ar ealaíon nualach. Is léir go dtug an turas seo tuiscint do na mic-léinn ar ealaíon; nach suíonn sé i gconaí i fráma nó ar ballaí bána.
Le tús a chuir le páirt a dó den thionscnamh thugtar cuairt ar an Nerve Centre i nDoire chun gnéithe den nua-theicneolaíocht a thaispeáint do na mic léinn. Le tacaíocht ón Nerve Centre, Doire, tá páirt a dó den thionscnamh faoi lán tseoil anois. Tá deagóirí Thoraigh i láthair na huaire, ag freastail ar sheisiúin oiliúna ar an oileán. Tá siad seo a leanas i measc na scileanna atáthar a fhoghlaim; Scileanna 'Garageband' , scileanna taifeadta láithreáin, scileanna ceamara, ag cur scéal ar chlár, scríbhneoireacht scripte, scileanna DJ, scileanna i dteicneolaíocht radhairc, scileanna taifeadta 'Pro-tools' &rl. Tá a n-inniúlacht cruthaithe go maith ag an Nerve Centre agus ag Ceardlann na gCroisbhelach araon i ndáil le tionscnamh agus seachadadh a dhéanamh ar thograí cruthaitheacha inspreagtha den chéad scoth atá curtha i gcrích ar chaighdeán proifisiúnta. Beidh an taithí seo go léir le tabhairt faoi deara i gcur i ngníomh an tionscnamh seo.
San am i láthair tá thaifeadadh radhairc agus fuaime a bhailiú ag na mic-léinn ó mhuinntir an Oileáin i gcomhair eagarthóireachta proifisiúnta. Is cinnte le linn Mí Márta agus Aibrean beidh tréimhse dian scannánaíochta don scannán faisnéise proifisiúnta le líonadh ag na mic léin. Lena chois sin tá scriptscríobh agus cur isteach na bhfotheidil Bhéarla le chuir leis an scannanaíocht.
Beidh deireadh a chuir leis an tionscnamh le linn an tSamhraidh agus theacht Féile Ealaíne an Earagail 2007. Beidh taifeadadh na mic-léinn a leiriú go profisiúnta ar DVD. Beidh láinse oifigiúil de na thairgí ón tionscnamh le linn an fhéile.
Le na scileanna nua-fhoghlamtha beidh na mic-léinn in ann a shean-nós féin a aimsiú, sean-nós a léiríonn taighde agus taifeadadh a bhí ar bun ag Lillis Ó Laoire ar an oileán, anuraidh.
The importance of this record and the process of broadening this art form to a contemporary expression for the young people living on the island can not be stressed too strongly. Furthermore, the students will cross from one art form to another and as a result can produce a unique contemporary Gaeltacht cultural form that has meaning and relevance for them, today.
Tá Ceardlann na gCroisbhealach dóchasach go dtiocfaidh tús le nasc acmhainní cultúrtha an oileán de thairbhe an tionscnamh go háirithe saibhreas tradisiún ceoil agus amhranaíocht i gcuideachta na h-ealaíona eile. Tá sé mar cuspóir an tionscnamh taispeáint go bhfuil ceangail láidir idir na h-ealaíóna éagsúla seo.
Mar go bhfuil Ealaín na Gaeltachta ag tacú leis an tionscnamh seo tá siad ag tabhairt measunú agus cumhacht do na daoiní óga seo agus ag spreagadh suim iontu in eilimintí da gcultúr dúchasach féin. Chun theacht ar foinse thacaíocht do dheagoirí óga ar oileáin na Tíre seo tá sé tabhachtach go dtugann muid faoiseamh d' aon céadfa aonarachas atá acu ó thaobh cultúr comhaimseartha. Beidh 'Sean Nós Nua' ina chúnamh dearfach ar an fhadhb seo.
Tory Sean-Nós Festival Poster
Final Festival Schedule: www.angailearai.com/classified/FinalFestivalSchedule.pdf




