Éire le Díol - Liam de Frinse
Is é an 'World for Sale', an ionsamhail atá tógtha in Abu Dhabi, Dubai, mar fhorbairt do thionscal na turasóireachta, a spreag an teideal don saothar is déanaí seo ón ealaíontóir Liam de Frinse as Béal Feirste. Tá sé ag díriú méire ar an dearcadh atá ag tomhaltóirí sa lá atá inniu ann, sé sin gur féidir gach uile rud a dhíol. I ngach ceann de na tríocha is a dó píosa, atá mar íomhá do na tríocha dó contae, tá mórán tagairtí samhaltacha. In áit na dtionscal traidisiúnta lása agus línéadaigh, tá cuibhreannais mhóra ilnáisiúnta anois. Tá sé ar chumas na gcomhlachtaí ilnáisiúnta céanna seo ár gcuid acmhainní náisiúnta a cheannacht agus a chreimeadh fosta. Is í an tseamróg - bláth a fhásann i ngach contae sa tír seo ach a n-amharctar uirthi mar lustain i dtíortha eile - a cheanglaíonn na píosaí aonaracha le chéile ina shaothar mór amháin. Ach mar sin féin, is é an rud a spreag an t-ealaíontóir a chéaduair ná an imní atá air siocair go bhfuil Éire í féin anois ionann le tráchtearra - do na comhlachtaí ilnáisiúnta, do na boird turasóireachta agus araile - agus cén luach atá ar an easportáil seo?I dtaca leis an chultúr de, tá an t-ealaíontóir aireach ar íomhaí/táirgí cultúrtha agus cruthaitheacha - is féidir kitsch a dhíol ach ní féidir cruthaitheacht a cheannacht! Téann an pointe seo go croílár an ealaíontóra Liam de Frinse. Is De Frinse an ealaín, níl líne ar bith a scarann an t-ealaíontóir óna shaothar - is ealaín bheo bheathach bhríomhar é 24/7. Tugann an t-ealaíontóir cuireadh don lucht féachana na píosaí seo a bhogadh thart nó a atheagrú de réir mar is mian leo.




