Cartlann Taispeántas

Dhá Dhual na Tírdhreacha

Peadar McDaid

Is as Leitir Ceanainn do Pheadar atá ag cruthú obair ealaíne le corradh agus 30 bliain. D’fhág sé an scoil go luath agus tá sé féinfhoghlamtha, rud atá de ghnáth go maith d’aon ealaíontóir atá ag iarraidh a dteanga físe féin a fhorbairt. Chuir sé tús lena chleachtas ealaíne mar dhearthóir grafaicí a chuir é i dtreo ‘ealaín cheilteach’ – cosúil le Jim Fitzpatrick. Siocair go raibh croí mhór mhaith aige,nuair a chonaic sé bearna fíor sa tsoláthar sláinte, thosaigh Peadar ag bunú áis ‘Create-a-link’ i Leitir Ceanainn. Cuireann an clár ealaíne iontach seo a bhfuil sé a bhainistiú ar fáil spásanna, teagasc ealaíne agus tacaíocht do dhaoine atá ag fáil bhisigh ó thinneas meabhairshláinte. Faigheann sé seo tacaíocht agus maoiniú ón FSS. Sna chéad bhlianta den togra seo, bhí Peadar ábalta freastal ar an choláiste réigiúnach i Léim an Mhadaidh agus staidéar a dhéanamh ar ealaín ar feadh roinnt blianta.

Sa bhliain 2017, chuaigh Peadar i mbun siúil ocht lá thart ar an chontae uilig ar mhaithe le haird a tharraingt ar sholáthar meabhairshláinte laistigh de Dhún na nGall – agus is cosúil gur tharla miorúilt bheag! Chuir an siúl 241 ciliméadar seo ar chumas Pheadar am a ghlacadh le hamharc ‘ar’ an tírdhreach, le hamharc ar i ndáiríre, agus bhí tionchar domhain ag seo ar a chuid oibre.

Tá á ealáin líofa, deimhneach agus solabhartha. Ní bhíonn Peadar ag dréim le léiriú réalaíoch a thabhairt siocair go bhfuil á chuid tírdhreacha fá dtaobh den ‘bhunbhrí’ – tá siad fá dtaobh d’imchochlú a chuartaíonn fíor-chroí na háite. Dá bhrí sin, tá á chleachtas bunaithe ar bhreathnú, ar ionsú agus ar léirléamh. Ansin, oibrítear an comhshamhlú seo ar á chuid dromchlaí de réir mar a théann an t-ealaíontóir ar aghaidh lena aistear ar an phéint. Ní hiontas ar bith é go bhfuair Peadar McDaid an Duais Derek Hill ó Ghailearaí an Ghlaidhb anuraidh.


Karol Mac Gairbheith

Tháinig Karol ar ais go dtí á áit dhúchais i nDún na nGall sa bhliain 2014. Roimhe sin chónaigh sé i Londain agus bhí sé ag obair ansin mar ailtire. Spreag an t-athrú seo mórán deiseanna iontacha do Karol nuair a phill sé abhaile. Roimh i bhfad bhí sé mar pháirt de thogra ‘Create-a-link’ i Leitir Ceanainn agus thosaigh sé ar an chosán chuig á phaisean fíor – sé sin an ealaín, faoi choimirce lámh chuidithe Peadar McDaid. Bhí sé soiléir ón tús go raibh éirim ó dhúchas ag Karol agus, cosúil le Peadar thuas, go bhfuil sé go bunúsach féinfhoghlamtha. De bhrí go bhfuil súile léirthuisceana an imirceach fillte aige, ghabh Karol chuige tírdhreach á bhaile féin i nGaoth Dobhair. Péinteálann Karol tírdhreacha tuaithe agus ceantair uirbeacha araon siocair go bhfuil taithí agus fiúntas aige don dá chineál; tá sé lonnaithe i nDún na nGall ach bíonn sé ag taisteal ar mhaithe lena dhúil cathrach a shásamh.

Déanann á shaothair tuathe taiscéaladh ar sholas an iarthair, ar an talamh garbh agus na tithe agus struchtúir atá ansin. Curtha le hais a chéile, tá á shaothair cathrach creathach, gnóthach agus faoi dhaonra. Ghlac Karol chuige féin an dúshlán d’éagsúlacht meáin - ola, uiscedhath, colláis agus líníocht agus tugann á úsáid de na meáin dhifriúla seo réimse torthaí. Tá á ealaíona ola láidir daingean, tá na huiscedhathanna éadom ach ag an am céanna tá siad beoga, tá á chuid líníochta bríomhar agus déanta le marcanna troma láidir agus coimeádann na colláisí le chéile go hiontach maith le marcanna fuinniúla.Is mór an pléisiúr é a bheith ag coimeád ar fhorbairt chleachtas cruthaitheachta gairmiúil Karol agus é ag taiscéaladh agus ag tástáil á theanga físe féin. Tá sé torthúil, ocrach agus go hiomlán tiomanta agus tíolactha dá fhíor-ghairm.

Ag Bailiú

Nollaig 2018

Cruinníonn muid uilig rud inteacht, ní miste cé acu an aithníonn muid é sin nó nach n-aithníonn. Tig leis a bheith ina rud ar bith - peataí, leabhair,  méaracháin, plandaí, éadach, stampaí nó fiú ealaín de chineál éigin. Más maith leat pictiúir, bhuel ansin ar ndóigh is féidir leo a bheith ina riocht ar bith: pictiúir bheannaithe, pictúir teaghlaigh,  gaiscí shlite beatha agus mínealaín fiú. Ar scor ar bith, creidim féin gur ag cruinniú na n-earraí seo agus ansin á socrú ina n-áit fíorgnhíomh na cruthaitheachta ann féin. Tá mo chroí-se istigh i mínealaín agus tá mé á bhailiú ón tús, ar a laghad, den aistear fiche bliain go dtí seo den Gailearaí. Féadaim a rá, más maith leat, go raibh mé ‘san áit cheart ag an am cheart’. Sin ráite, is iomaí sin uair nach dtiocfadh linn fáil a bheith againn ar an rud a mheas muid a bhí go speisialta álainn, siocair nach raibh an t-airgead againn. Agus seo rud nár cheart a choinneáil ceilte: má tá tú i ndáiríre ag iarraidh saothar ealaíne a fháil agus go bhfui tú gann in airgead, ná lig an deis thart chóiche le ceist a chur ar an ghailearaí nó ar an ealaíontóir an mbeifeá ábalta díol ar a shon de réir a chéile - beidh 99% díobh sásta glacadh le sin.

Tá mórán cineálacha bailitheoirí ann: poiblí, príobháideach, corpóraideach &rl., ach caidé a thugann ar dhuine rudaí a bhailiú? Diomaite de na bailitheoirí poiblí nó príobháideach a bhfuil fócas eacnamaíoch acu, déarfainn gur beag duine againn a bheadh den bharúil go raibh ‘bailiúchán’ fíor againn. Tá an íomhá seo againn den bhailitheoir mar dhuine proifisiúnta – ach tá ‘rud éigin’ ar na ballaí ag gach duine againn. Anois, tá seo suimiúil – ná nuair a smaoitíonn tú air, ní miste cá has nó cá háit a tháinig na pictiúir ar do chuid ballaí, is TUSA a phioc iad, is tusa a shocraigh cá háit le hiad a chrochadh; de bhrí sin, is cinnte go dtabharfainn ‘bailiúchán’ orthu. Ní miste cé chomh beag is atá an rogha ar do chuid ballaí, ar dhóigh éigin is eisprisean duitse atá ann agus léiríonn sé d’fhís agus do phaisean.

Go pearsanta, ní dhearna mise ariamh anailís ar na pictiúir a bhailigh muid agus cén fáth ach amháin gur aonán an-láidir é. Anois mar sin féin, lenár gcuid saothar ealaíne taobh amuigh dá gcuid áiteacha ar leith inár mbaile, tchím go bhfuil i ndáiríre téama faoi ‘áit’ i gceist: áit sa domhan a raibh muid ann go fisiciúil, áit gur shamhlaigh muid a bheith ann, na pobail éagsúla, áit a thaobhaigh lenár gcroí, ár gcuid aidhmeanna – is iad seo uilig ‘ealaín áite’ ar dhóigh. Tá a fhios agam gur ionann an méid atá bailithe againn agus modh cuimneacháin, ach domhsa go speisialta thig liom a fheiceáil go bhfuil sruth fineálta de mhothúchán spioradálta ann cibé go samhaltach nó mar scéal. Ach tá sé soiléir go bhfuil tús áite ag an aeistéitic.

Dá bhrí sin, gabh abhaile agus amharc arís ar an mhéid atá bailithe agat agus glac d’am le smaoineamh ar an mhéid atá agat agus cén fáth go bhfuil siad agat. Creid inár bpaisean agus inár mothúchán féin siocair gurb iad a thugann orainn rudaí a bhailiú. Smaoitigh fosta ar rudaí mar frámáil: tig leis seo cur leis an phictiúr nó é a mhilleadh. Ní gá duit an fráma a fuair tú leis an saothar ealaíne a choinneáil ach, níos tábhachtaí ná sin, ná lig don fráma bheith i gceannas ar an phictiúr chóiche. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl rialacha ar bith leagtha síos nuair atá tú ag ceannacht ealaíne ach amháin muinín a bheith agat i d’instinn féin agus an rud a bhogann tú a cheannacht. Ar ndóigh, chun seo a dhéanamh caithfidh tú cuairt a thabhairt ar ghailearaithe, agus tá go leor acu sin againn. Ní bhaineann bailiúcháin leis an connoisseur beadaí amháin; coinnigh cuimhne gur leat féin an méid atá bailithe agat agus gur do ‘bhailiúchán pearsanta’ é a chuireann in iúl do mhothúchán agus do phaisean féin – ná lig do dhuine ar bith a mhalairt a inse duit.

Úna Campbell, Nollaig 2018

Lacuna Kate Nolan

Iasc agus Sceallóga
Chuir Dadaí síos mé le iasc agus sceallóga a fháil don dinnéar, díreach cosúil le achan oíche Aoine. 

Ach an uair seo, tig liom a ghabháil liom féin; níl Liam ar bith liom le tuisle a bhaint asam ag gabháil síos an cnoc agus ag tabhairt leanbh orm nuair a thitim. Bhfuil fhios agat, bhí mé trí bliana déag tá trí lá ó shin. Anois nuair atá mé i mo dhéagóir thig le mo dheartháir imeacht leis, droch-chré air! Thig liom rith chomh gasta agus is féidir liom síos an cnoc, ag screadaigh ar na caoirigh, séideoga bána néalta ar an bhealach. Níl i bhfadh le ghabháil agam ar scor ar bith agus tá’s agam achan fheirm, achan teach, achan duine ar feadh an bhealach.

Sin feirm Mhurphy thall ansin. ‘Raibh ‘fhios agat go bhfuair na custaim greim air an tseachain seo caite siocair go raibh a chuid eallaí ar féarach sa Tuaisceart? Bhain siad dosaen ba de. Sin an rud a d’inis Jimí domh ar scor ar bith ach ar ndóigh níl ann ach fidléir boid. Ann ach go n-éisteann sé ar scoil ach is dócha go bhfanóidh sé cá bith. Níl suim dá laghad ag a dheartháir, i gcónaí ar á fón nó thuas ina sheomra nuair atá Jimí amuigh sna páirceanna. Deir sé go mbeidh sé ag amharc fá choinne talamh úr nuair atá sé níos sine. 


Síos an cnoc agus anois tá mé ag imeacht ón bhealach. Tá sé geal go fóill agus ar an tséala sin leanfaidh mé an abhainn an chuid eile den shlí fríd an chlábhar. Níor lig Liam domh ‘seo a dhéanamh chóiche. B’éigean domh i gcónaí a chosán-san a leanúint. Tá an caibinéad iontach mór seo sa tseomra tosaigh againn, agus tá mé rá millteanach mór agus iontach, iontach aosta. D’inis mo mháthair domh gur tharraing m’athair mór é trasna na habhna, trasna an teorann, áit inteacht thart fá seo amach as radharc na gcustaim. Rud atá greannmhar fá dtaobh de ná go dtug sé amach na dráir uilig sa dóigh go mbeadh sé níos éadroime ach choinnigh siad ag líonadh le huisce agus bhí siad dhá uair go trom le tarraingt anall.

Tig liom é a fheiceáil sa tóir ar dhráir ag imeacht le sruth, tuislí a bhaint as ag é ag iarraidh greim a fháil orthu. Sílim go bhfuil Milly ag obair lena hathair anocht sa chipper. ‘Sí mo chara is fearr agus tá aithne againn ar a chéile ó bhí muid ceithre bliana. Tá lá breithe s’aici coicís roimh mo cheannsa agus bíonn cóisir againn le chéile. Champáil muid sa pháirc i mbliana agus d’ordaigh muid bia Síneach a d’ith muid os comhair na tine.

Sin a’ cheád uair ariamh a d’ordaigh muid bia Síneach go dtí’n pháirc. Táimid beirt ag dul isteach sa chéad rang i mbliana ach tá mise ‘gabháil go Béal Átha Seanaidh leis an chuid is mó de na páistí a chuaigh go Paiteagó. Tá sise ag gabháil go hInis Ceithleann siocair go bhfuil sí ina cónaí amuigh an bealach i dtreo an Cheis. Rinne muid socrú ar a lá breithe go mbuailfidh muid suas le chéile gach lá i ndiaidh am scoile agus achan rud a inse dá cheile sa dóigh nach n-athróidh rud ar bith.
Tig liom an chipper a fheiceáil anois agus tá scaifte mór ag cruinniú.

Tá mo bholg ag toiseacht a’ ghliogail. Sílim gur sin Mick ansin. Tá sé ina chónaí sa bhaile mór ach tá sé go hiomlán dall. Tá bata leis le é a threorú thart agus uaireadóir a labhrann. Fosta, cé nach bhfaca mé é ariamh, tá cupa aige a dhéanann trup nuair atá sé chóir a bheith lán sa dóigh nach mbruitheann sé é féin. Tá gáire galánta aige a thig leat a chloisteáil ó mhíle ar shiúl. Deirimse i gcónaí de thaisme ‘an bhfaca tú blah de blah’ agus mothaím go holc ach ní dhéanann seisean ach gáire.

Sin Milly, Rebecca, Tommy, Rich, Jason aggus tuilleadh ag teacht as achan bhealach. Tá boladh na sceallóga ag dul suas i mo ghaosán le goimh milis fínéagar. Caithfidh mé rith go hiontach gasta anois ná ní bheidh sceallóga ar bith fágtha agus cuirfidh m’athair ceist orm caidé’n amaidí a bhí mé a’dhéanamh.

Cruthaíodh an scéal gairid seo ó chomhrá oscailte leis an ghrúpa óige ‘The Forge Cross Border Community Youth Group’, 10- 14 bliana. Scríofa ag Kate Nolan mar chuid de Lacuna.

Cuimhnímis le Chéile

Meitheamh 2018


Cuimhnímis le Chéile
Thosaigh Maria Gasol Boncompte ag déanamh obair dheonach i nÁras Ghaoth Dobhair 3 bliana ó shin agus dhírigh sí ar chuid de na daoine a raibh galar Alzheimer orthu.

Thug sí faoi deara go gcaitheann siad cuid mhór ama ina suí agus de thairbhe gur maith léi a bheith ag tarraingt pictiúir, bheartaigh sí iad a sceitseáil. Bhí mé ag iarradh díriú ar na léargais a fuair mé, corr uair gealáin bheaga: a gcuid miongháirí, corr ghreann, an dóigh inar tháinig meanma iontu le ceol, an dóigh inar las a gcuid aghaidheanna suas nuair a bhíodh páiste óg thart san áit”.


Ba é seo an chéad ruathar a thug Maria isteach i rannpháirtíocht na healaíne pobail agus thosaigh sí mar sin ar an togra ealaíne seo. Fuair sí i dteagmháil le teaghlaigh an othair chun an smaoineamh a bhí aici a mhíniú daofa agus lena gcead a fháil. Fosta, bhí sí ag iarraidh foghlaim faoina saol agus thosaigh sí a chruinniú eolais ar an mhuintir a raibh grá acu díofa: cá leis a raibh siad cosúil, a stair teaghlaigh, cad a rinne siad agus cad é a thug fios a ngnó daofa sular éirigh siad tinn – &rl. Bhí Maria ábalta grianghraif teaghlaigh agus cuimhní a fháil agus a chur le chéile mar fhíseán gairid. Tá freagairt agus aiseolas na dteaghlaigh rannpháirteach go hiontach ar fad agus is mar gheall ar an chuidiú a thug sibhse atá an taispeántas seo ann.

Leagann an togra seo béim ar dhá chineál rannpháirtí: go speisialta na daoine atá sna pictiúir agus ansin na teaghlaigh a thabhrann tacaíocht dá ngaolta. ‘Sé príomhaidhm an duine muinteartha ná cúram laethúil a thabhairt don duine a bhfuil grá acu dó nó di agus ag freastail ar a gcuid riachtanais mothúchana, fisiceacha agus intinne agus is é seo iarracht agus íobairt chróga. Ón togra seo, d’fhoghlaim muid go bhfaigheadh teaghlaigh i bhfad níos mó tairbhe as cúram faoisimh agus tacaíocht.


Tá na hothair a dtugtar cuntas orthu anseo sa Ghailearaí ina mbaill aonair, ilchineálach agus sainiúil go hiomlán dár bpobal. Cé go mbfhéidir go bhfuil á gcuimhní caillte acu, cuireann an togra seo i gcuimhne dúinne á bpearsanacht, á spéiseanna, á dteaghlaigh níos leitheadaí agus á saol roimhe seo. D’obair gach grúpa teaghlaigh atá anseo ar mhaithe leis na cuimhní iontacha seo a choinneáil beo.

Cuimhnímis le chéile…….

Ealaíontoir sa Gailearaí 2018

Bealtaine 2018


Ealaíontoir sa Gailearaí 2018

Brenda Hewitt - Fíodóireacht
Mary Toland - Ealaíontóir
Karol Mac Gairbheith - Ealaíontóir

Mary Toland née Comiskey

 

Tá mé i mo chónaí i gceantar iargúlta sléibhtiúil, sa Ghaeltacht, in Iarthar Dhún na nGall. Rugadh agus tógadh mé i gCluain Maine in Inis Eoghain. Bhí cónaí orm ar Oileán Árainn Mhóir agus anois tá mé lonnaithe i nGort a’Choirce. Le sléibhte Dhoire Bheatha timpeall orm agus cósta fiáin an Atlantaigh os mo chomhair is í áilleacht na háite an inspioráid is mó atá ar mo chuid oibre. Seachas tréimhse sa Crawford School of Art ag oiliúint mar mhúinteoir ealaíne, is i nDún na nGall atá mo bhaile agus mo spreagadh.

Agus mé ag múinteoireacht ar feadh 30 bliain, lean mé ar aghaidh ag péintéireacht agus ag forbairt mo shaothar; ag glacadh páirt i gcláir malartaithe leis an Fondúireacht Karl Richard Montag i mBonn sa Ghearmáin, agus ag cuir mo chuid oibre ar taispeántas. Tá mé anois ag tabhairt faoi mian mo chroí, ag oibriú mar ealaíontóir lán-aimseartha.

Is ón nádúr faoi leith a bhaineann le tírdhreach agus le bunadh na háite i nDún na nGall a spreagann mo shaothar. Suite sa tírdhreach bunúsach seo tá feirmeoirí cnoic, iascairí, ceoltóirí, fís-ealaíontóirí, filí agus lucht físe. Bainim taitneamh as péintéireacht “en plein air”, chomh maith le obair stiúideo. Úsáidim meáin éagsúla i mo chuid ealaíne ag brath ar an ábhar - Uiscedhath, Ola, Aicrileach, agus Éadach fosta. 

 

Ar An Nádúr

Feabhra 2018


Ar An Nádúr
Is ealaíontóir as Albain í Selena Mowat a raibh cónaí uirthi i nDún na nGall ar feadh ceithre bliana, ón bhliain 2010 go dtí 2014.

I ndiaidh di cuairt ghairid a thabhairt ar an chontae sa bhliain 2009, thit sí i ngrá lena ‘dhraíocht agus a charachtar buan’, spreagtha ní amháin ag an raon tire ilchineálach mealltach, a mheall oiread ealaíontóirí diomaite di, ach a chultúr caomnaithe agus spiorad fáilteach an phobail. Ba iarléachtóir í i Líníocht agus i bPéintéireacht i nDuncan in Jordanstone, Ollscoil Dundee, áit a bhfuair sí a céim in 2002. Thaispeáin Selena a cuid saothar go leitheadach ar fud na hAlbna, sa RA agus in Eoraip agus bhain sí Ealaíontóir Portráid na Bliana d’Éirinn, de chuid Sky Arts, a craoladh ar teilifís sa bhliain 2013.

Le linn di a bheith ina cónaí i nDún na nGall, thum Selena í féin i bpobal na n-ealaíontóirí áitiúla. Bhunaigh sí an iris ZWEEF agus comhbhunaigh sí comharghrúpa d’ealaíontóirí áitiúla ar ar tugadh AVANT GARDA a bhí rannpháirteacht sa bhliain 2013 i gcónaitheacht, maoinithe ag Cultúr Éireann, in Aix de Provence sa Fhrainc. Cé go n-oibríonn sí go mórmhór in olaphéint, tá sí ina tacadóir daingean de bheith ag obair go comhoibríoch laistigh den phobal le déantóirí scannán, ceoltóirí agus taibheoirí. Léirigh sí roinnt scannán, tionscadail ceoil agus imeachtaí lasmuigh dá cleachtas gairmiúil péintéireachta.

I ndiaidh di bheith ina cónaí sa Ghearmáin le ceithre bliana anuas, beidh Selena ag taiscéaladh idéil útópeacha tríd a cuid oibre mar ealaíontóir comhoibríóch. Siocair go dtáinig sí ar an tsaol in Albain agus gur thaistil sí go leitheadach i rith a hóige, tá cur chuige Selena i ndéanamh ealaíon ná gníomhú mar chainéal faisnéise, ag cruinniú earraí cuimhneacháin (grianghraif, cártaí poist, scéalta béaloidis, clúdaithe albaim, altanna irise) sa dóigh chéanna is a nglacfadh sí isteach an domhain le linn dí a bheith ag taistil in hóige. I measc an saothar don taispéantas seo, beidh péintéireacht ar an mhórscála a rinneadh in Éirinn agus sa Ghearmáin i mbliana, áit a gcaithfidh sí a cuid ama ag athlorg a téama coitianta d’aitheantas maidir leis an timpeallacht.

Ar An Nádúr

Ar Lorg Teach Dúchasach Dhún na nGall

Tá níos mó títhe dúchasacha i gContae Dhún na nGall ná mar atá in aon chontae eile in Éirinn.

Déanann an taispeántas ‘Ar Lorg Teach Dúchasach Dhún na nGall’ ceiliúradh ar títhe traidisiúnta Dhún na
nGall. Cuireann na títhe ar leith cónaithe siúd go mór le cuma cultúrtha na tíre agus lenár mórtas áitreamh,
is méadaíonn siad comh maith ár dtuiscint ar ché muid fhéin.Déantar na foirmlí is na tréithe ar leith a bhaineann le títhe dúchasacha Dhún na nGall a thabhairt chun tosaigh tríd griangrafanna, is trí léiráidí is líníochtaí a thagann anuas dúinn ó bhailiúcáin éagsúla náisiúnta is áitiúla.

Deirtear gur ‘ailtireacht gan ailtirí‘ atá san ailtireacht a bhaineann le tithíocht traidisiúnta - is é sin gur dhearadh is gur thógadh na títhe sin, ní de réir pleananna foirmeálta, ach de réir nósanna is módhanna tógála a bhí bronnta anuas ó ghlúin go glúin. Baineadh úsáid i gcónaí as bunábhair áitiúla, rud a d’fhág go raibh na títhe traidisiúnta seo fréamhtha go daingean sa chultúr agus san fhearann fisiciúl. 

Grianghraf 1. Teach Feirme Sínte, cóngarach de Mhálainn: Léiríonn an teach feirme sínte seo, le díon tuí ceangailte le rópaí, an cleachtadh traidisiúnta a bhí coitianta an teach cónaí a shíneadh fad a ais fhada tré seomraí breise nó tithe lasmuigh a chur leis. Clúdaíonn tuí díon an tí cónaí agus clúdach d’iarrann rocach (stán) ar an teach lasmuigh atá ceangailte leis.
© Joseph Gallagher


Grianghraf 2. ‘Seomra Uachtarach’, Croithshlí: Teach feirme le díon tuí ceangailte le rópaí le bóitheach tadhlach agus áit chónaithe os a chionn (rochtain ar fáil le dréimire ó íochtar na cistine). Tá an drísiúr atá in éadán balla cúil na cistine le feiceáil taobh istigh den doras tosaigh. Feictear ‘Seomra Uachtarach’, le díon sclátaí Breatnaise, ar cúl an príomhtintéan. Ba é Robert John Welch a ghlac an pictiúr seo go mall sa naóú céad déag nó go luath sa fíchú céad agus tá sé mar chuid dá bhailiúchán atá coinnithe i Músaem Uladh.
© Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann – Bailiúchán Mhúsaem Uladh

Grianghraf 3. Tuídóireacht le Rópaí, Rann na Cille, Teileann: Seamus Ó hEochaidh ag cur tuí ar theachín i Rann na Cille, Teileann, go mall sna 1930idí. Chleanglóidh an gréasán casta de rópaí (nó eangacha i gcuid de na háiteanna ar an chósta) a d’úsáidfí chun an tuí a dhaingniú de chlocha ag gobadh amach (bacáin) ar na sceimhleacha agus ar na beanna. Glacadh an pictiúr seo ó thráchtas Patrick O’Neill darbh ainm ‘A Social & Cultural Study of Crofter Life on the West Donegal Seaboard’ (1940). 
Le caoinchead Cartlann Chontae Dhún na nGall, Comhairle Chontae Dhún na nGall

Cuireadh an taispéantas seo le chéile ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaém Chontae Dhún na nGall, Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach - iad uilig mar chuid de Comhairle Chontae Dhún na nGall - i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus Féile Ealaíne an Earagail.

Teangá Rúnda na gCorr

Iúil 2017

Ghlac sé tamall fada an suiteáil seo a chur le chéile, idir an coincheap físiúil agus suiteáil iarmhír an tsaothair.

Ar ndóigh, ní bheadh taispeántas ar bith do ann murab é leabhar Lorcán Ó Tuathail, ‘Corr Scéal – Crane Notions’, a bhí mar inspioráid don choimisiún úrnua seo sa Ghailearaí. Déanann leabhar cuimsitheach Lorcáin fiosrú ar iarsmaí chultúrtha agus stairiúla na coirre atá anois imithe in éag in Éirinn. Leoga, tá an t-éan seo imithe in éag in Éirinn ó bhí thart fá’n 1500 céad ann agus, i gcuid mhór dóigheanna, tig leis léiriú meafarach a thabhairt ar stadás leochaileachta ár dteanga Ghaeilge féin. 


Chuige seo, choimisinigh An Gailearaí saothair úrnua ón fhile, Cathal Ó Searcaigh, a leagann béim ar rian na teanga caillte den chorr seo agus ar an dóigh seo ag ceiliúradh iarsmaí an éin seo a bhí tábhachtach uair amháin laistigh dár dteanga agus na loirg atá fágtha go fóill.

Chuir muid na saothair úra seo i gcuideachta shaothar cáiliúil an fhile as Albain, Sorley MacLean, ar a dtugtar “A’ Chorra-Ghridheach” – An Corr. Agus é sin a dhéanamhh againn, nascamar na leaganacha cainte agus cultúrtha atá coitianta i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban araon, maraon le léiriú a thabhairt ar dhoimhneacht, ar shaibhreas agus ar leochaileacht ár seod luachmhar. Ná téimis an bealach céanna is a chuaigh an corr bhocht.


D’iarr An Gailearaí ar mhórán daoine forbairt agus seachadadh a dhéanamh ar an taispeántas seo, ar a n-áiritear cur i láthair galánta Deirdre Ní Bhraonáin de ‘Amhrán na gCorr’ le Cathal, agus Noreen agus Susan ó chlódóirí Pixalili. D’oibrigh baill an Boird, oibrithe deonacha, an fhoireann agus mórán daoine eile le chéile ar mhaithe leis an saothar úr seo a chur i láthair an phobail agus tá muid fíor bhúioch dóibh. Tá súil ag An Gailearaí go mbeidh sé spreagúil duit.

“Íomha Cheannaithe”

May 27th - Jun 29th, 2017.

Íomha Cheannaithe”

Domsa, tá próiseas na péintéireachta go bunúsach mothúchánach, meandrach agus láithreach ina fheidhm. Tá breathnú tábhachtach; ní ghlacaim nótaí i dtaca le dáth nó tagairtí líníochta, & rl. Is gnáth liom na híomhanna a shú isteach, ag súil go bpreabfaidh siad aníos nuair atá siad de dhíth.

Ní dhéanaim réamhsceitsí siocair go dtig leo an fuinneamh a shú amach as próiseas na péintéireachta. Tá neasacht chur na gcéad mharcanna fíorthábachatach. Nuair amháin a fhaightear an móiminteam, cruthóidh an phéintéireacht a rithim féin. Nuair a chuirtear stop leis an rithim seo, beidh deireadh leis an phróiseas péintéireachta. Is é an pointe iarmhír den stopadh a shocraíonn cáilíocht an tsaothair.

30 Bliain Ealaíontóir i Áiteanna

Aibréan 2017.

30 Bliain Ealaíontóir i Áiteanna
Ag ceiliúradh 30 bliain de sholáthar na n-údaráis áitiúla do na healaíon.

Is é seo ceann de na taispeántais is suntasaí d’ealaíontóirí Éireannacha le déanaí - 30 Bliain, Ealaíontóirí, Áiteanna agus marcálann seo 30 bliain ó thosaigh Údaráis Áitiúla ag soláthar do na healaíona go háitiúil. Tá 30 ealaíontóir agus 30 áit luaite.

I measc na n-ealaíontóirí a bhfuil clú agus cáil orthu tá Tony O’Malley, Alice Maher, Robert Ballagh, John Kindness, Norah McGuiness, Sean McSweeney, Sean Lynch agus John Shinnors chomh maith le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn, leithéidí Cora Cummins, Cleary Connolly, Lisa Fingleton, Jenny Brady, Vanessa Lopez agus David Stephenson agus tá trácht ar go leor eile sa taispeántas, atá maoinithe ag an Chomhairle Ealaíon.

Luann an taispeántas áiteanna, daoine agus bailte a léiríonn forbairt ealaíon na n-údaráis áitiúla díreach mar sin – d’áit, de dhaoine agus de bhailte, d’Éire tuaithe agus uirbeach, d’áit chónaithe ar oileán atá ag athrú, áit a bhfuil smaointe dána úrnua againn ach ina bhfuil muid fréamhaithe inár n-am atá thart.

Is taispeántas é seo a chaithfear a fheiceáil, ní amháin faoi choinne an comhshocrú neamhghnách d’ealaíontóirí Éireannacha ach na scéalta faoin dóigh inar cheannaigh, inar choimisiúnaigh nó a bhfuair na húdaráis áitiúla iad. Is ansin atá an scéal fíor; an tacaíocht chiúin, fíor agus samhlaíoch d’ealaíontóirí Éireannacha a thug ár n-údaráis áitiúla dóibh le níos mó ná 30 bliain.

Seán Cathal

Feabhra 2017.

Et quid amabo nisi quod ænigma est?” 
Mar theideal, tá an phrása seo...”cad a ba chóir dom grá a bheith agam dó murab é an dubhfhocal é féin” ina dhóigh fhoirfe chun an saothar sa taispeántas seo a thuiscint agus a fheiceáil. 

Tá an saothar pearsanta agus uilíoch le chéile ina chuid tagairtí. Tá mórán d’eilimintí gach saothar inmhínithe ar chuid mhór leibhéil. I dtús báire, tá a fhios an ealaíontóir caidé tá i gceist aige agus caidé atá beartaithe aige leis an saothar.. ach neamhchosúil le go leor ealaíontóirí eile, is féidir lena ábhar rochtain a bheith aige, ina thuairim féin, ar an bhreathnóir le héascaíocht chothrom thuisceana. Sin le rá, á dtuiscint. Ar ndóigh, cén dóigh a mbeadh fhios ag duine caidé atá in intinn duine eile. Tá a fhios ag déantóirí rudaí físiúla, bíodh siad péintéireacht, dealbhóireacht, grafaíocht nó dearaí, go bhfeiceann an tsúil ar dtús agus ansin go mbaineann an inchinn ciall as. Má théitear ag ceolchoirm, amharclann, ceoldráma nó fiú seirbhís eaglaise, feiceann duine ar dtús agus ansin cluintear.

Tá an t-ealaíontóir Seán Cathal ina phéintéir meitifisiciúil i bhfadh níos mó ná péintéir insint siocair go láimhseálann sé na chéad phrionsabail de rudái, ar a n-áirítear an coincheap, nó na coincheapanna, de bheith beo, feasacht, spás, agus – go ríthabhachtach dó-san – féinaitheantas. Cé go bhfuil a chuid tagairtí pictiúrtha an-phearsanta, tá siad Eorpach chomh maith sa bhrí go bhfuil sé in ann creatlaí samhlaíocha a chur le chéile laistigh de phrionsabail Arastaileacha den bheith agus den fheasach. Cinnte! Cuimsíonn sé mórán tagairtí físiúla a bhfuil gné luchtaithe áitiúil acu, nó sraith gnéithe, ach a léirmhíníonn seisean i gcreatlach i bhfadh níós leitheadaí. Baineann sé úsáid as tarraingt líneach, maraon le heilimíntí de láimhseáil pictiúrtha en grisaille, rud a réitíonn roinnt dá chuid eilimíntí comhdhéanaimh nach bhféadfadh plánaí níos leitheadaí a sheachadadh. 

Ach, sin ráite, tá sé fosta in ann ruathar a dhéanamh ar comhréir an nua-aoiseachais, leithéidí cúibeachas sintéiseach, ina bhfuil sé ábalta creatlaí soiléir a thógáil den ábhar sin atá sé i bhfách le cur chun tosaigh le neart agus sóiléireacht.

I gcuid den ealaíon, tá fiarcháilíocht tagartha nach fíneáltacht seintimeinte amháin atá i gceist faoin cheist ach mian, a chreidim, chuin ligint don bhreathnóir an saothar a fheiceáil i dtreo na tagairtí a thuiscint. Níl a dhlínse ábhair inste sa chiall cur chuige Tréadach nó Tírdhreacha, ach i dtírdhreach inmheánach a chreideann sé go mbeidh an breathnóir ábalta a thuiscint, cé nach n-aithníonn sé go hiomlán gur une vie intérieure atá ann de dhialóg leanúnach leisean. Is ionann an vie intérieure fosta lena phróiseas féin de choilíniúchán ar a spéiseanna féin agus ar a thuiscint ar rudaí seachtracha. Tugann cuid mhór ealaíontóirí Éireannacha an próiseas sin i dtreo eile, go mórmhór chun a gcomhréir tírdhreacha a dhéanamh a l’explication de texte. 

Bhí am ann nuair nár measadh ach Cézanne mar fhoinse nua-aoiseachais, ach de bharr mórán próisis chultúrtha eile, shaoraigh an teilifís agus an cineama chomh maith leis an ríomhaire rudaí físiúla ón seaicáid ceangail sin.

Lena chois sin, tá an ní dá chud oibre, lena gciallaíonn an scríbhneoir seo a mhóthú de cháilíocht fhisiceach agus próiseas a sheachadaíonn a fhuinneamh san amharcíomhá. Dúirt mé níos luaithe go dtugann an breathnóir a fhíseach féin chuig a cuid oibre, ag dul thairis a léiriú den íomhá agus a ghlacadh chuige féin, á, más maith leat, mhothú ama, feasachta agus daonnachta.

Choimhéad mé a chuid oibre don taispeántas ag fabhrú thar roinnt blianta agus a dhiongbháilteacht é a thabhairt i dtús báire chun a áit féin agus ligint do oibriú amach ó sin. Cuaigh Oifigeach Ealaíona Chontae Dhún na nGall agus Coimeádaí an Ghailearaí, Úna Campbell, i gcomhcheilg le chéile, i ndóigh ealaíonta, chun go dtarlódh an taispeántas. Tá moladh tuillte acu beirt ar shon an turas fionnachtana seo. Tá níos mó le rá ag Seán Cathal agus níl anseo ach céim amháin sa phróiseas sin. Mar mhac d’ealaíontóirí, le stair fhada phéintéireacht de Dhún na nGall agus ceangal ársa athartha le Gleann Cholm Cille, chuir sé eiteoga ar mo chroí a fheiceáil ag nochtadh. Go dtí go mbeidh seo léite aige, ní bheadh fhios ag an ealaíontóir fá mo ghinealach athartha as Dún na nGall, siocair gur mheas mé i gcónaí go bhféadfadh a leithéid d’eolas tionchar a bheith ar cheachtar againn sa treo aeistéitiúil mícheart. 

Nuair a bhí mé ag amharc ar a chuid oibre ina stiúideo, ag amharc amach ar Inis Siar, smaoinigh mé ar m’óige i gConamara le mo thuismitheoirí éalaíonta (atá anois ina luí taobh le taobh sa reilig ag amharc amach ar Dheisceart Chonamara go deo) agus smaoinigh mé go bhfuil an domhan ciorclach, tá sé uilig ciorclach. Is iomáí lúbán a ghlac Seán Cathal ar an bhealach le fáil comh fada is atá sé anois lena chuid oibre. Scríobh an Naomh mór sin, Agaistín, uair amháin.. “is fearr i bhfad taisteal i ndóchas ná áit a shroicheadh”. De bhrí go bhféadfaimis neamhbhásmhaireacht a bheith ionainn, creidim go bhfuil sin ag ealaíontóirí as cuimse, mairfidh a gcuid saothair fhad is a mhairfeas an domhan.

Agus anois, mar a dúirt Ó Raifteiri ina dhán mór “Anois le teacht an earraigh” 
“Is tar éis na Féile Bríde, ardóidh mé mo sheol ...

Ciáran MacGonigal

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair 1990-2000.

Dec 9th - 17th Feb, 2016.

Dialann Pictiúracha
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ó 1990 go 2000: tá an taispeántas pictiúracha seo, bunaithe ar chartlann grianghraf a rinne taifead ar shaol oibre agus ócáidí sóisialta/cultúrtha oibríonnaí Eastát Tionscail Ghaoth Dobhair idir na blianta 1990 - 2000.

Is iad seo grianghraif a ghlac Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta, le linn a chuid ama ag obair do Rannóg Cumarsáide Údarás na Gaeltachta. Rinne Aisling Ní Fhearraigh eagarthóireachta ar an bhailiúchán, iad a chartlannú agus a réiteach don taispeántas seo. Is grianghrafadóireacht iriseoireachta den chuid is mó atá sa taispeántas agus bheir na seachtó grianghraf léiriú dúinn ar an chineál oibre a bhí ar siúl ar Eastát Tionscail Ghaoth Dhoirí Beaga, mar a tugadh air ag an am, chomh maith le himeachtaí eile a thar la sa phobal i rith na tréimhse seo. 

Tá an taispeántas curtha le chéile mar aitheantas do bhunaitheoirí an Eastáit Tionscail agus an fhís a bhí acu fostaíocht a chur fáil in Iarthar Dhún na nGall do mhuintir Ghaoth Dobhair, Na Rosa agus Cloich Chionnaola. Díríonn an taispeántas ar thréimhse a raibh déantúsaíocht thraidisiúnta i mbarr a réime i nGaoth Dobhair agus in Éirinn. Ba é seo an tréimhse a raibh an chuid is mó rathúnais agus fostaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, nuair a sroicheadh an líon is airde fostaíochta a riamh, 1,338 in 1998.

Tá an taispeántas á reáchtáil in Áislann Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga agus tá sé mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 1916 - 2016. Tá nasc gaoil idir bunú an Eastáit Tionscail i nGaoth Dobhair agus comóradh Éirí Amach 1916, ar an ábhar gur cheannaigh cúigear fear áitiúil, idir lucht gnó, gníomhairí forbartha pobail agus gníomhairí teanga an talamh ina bhfuil an Pháirc Ghnó lonnaithe in 1965; bunaíodh comhlacht darbh ainm Eastáit Thionsclaíoch Dhún na nGall Teoranta agus ar an 16 Iúil 1965 cheannaigh an comhlacht seo 177 acra agus dhá ród ón Roinn Tailte.

An Screabán a baisteadh go háitiúil ar an phíosa talaimh seo, ar an ábhar nach raibh ann ach caorán lom agus poill ghairbhéil. Bhí sé ar intinn ag an chomhlacht úr seo plean cuimsitheach a leagan amach d’Eastát Tionsclaíoch ar an Screabán, i nGaoth Dobhair don bhliain ina dhiaidh sin. Bhí an Coiste ar thús cadhnaíochta lena gcuid beartas agus bhí an plean úr seo le bheith curtha i gcrích don bhliain 1966 mar chuid de chomóradh chaoga bliain Éirí Amach 1916.

Tháinig toradh ar a ndánacht agus a n-iarrachtaí nuair a cuireadh plean úr le chéile d’Eastát Tionsclaíoch Ghaoth Dobhair i gcomhairle le Comhairleoirí Innealtóireachta Thomas Garland, Baile Átha Cliath agus Roinn na Gaeltachta. Seoladh an plean seo in Óstán Radharc an Earagail, Doirí Beaga, ar an 14 Feabhra 1966, agus beartaíodh an ócáid mar chuid de chomóradh 50 bliain ar Éirí Amach 1916 .

Deirtear gur seo an dara Eastát Tionsclaíoch tuaithe a rinneadh á phleanáil i bPoblacht na hÉireann.
Ba é cinneadh fadcheannach crógánta misniúil a bhí san fhís seo agus ba í cnámh droma fás agus forbairt Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair an lae inniu. Cinneadh a d’athraigh cúrsaí forbartha agus fostaíochta an cheantair ó shin ar aghaidh.


Tá Údarás na Gaeltachta agus pobal an Iarthuaiscirt go mór faoi chomaoin ag cúigear fear urrúnta cumasach a raibh de dhánacht an chinniúint fhostaíochta a athrach, mar a rinne, Tomás Mac Giolla Bhrighde, Micheál Mac Fhionntaigh, Séamus Ó Siadhail, Cathal Mac Grianna agus Cathal Ó Ceallaigh, i gcuideachta le Séamus Ó Raghallaigh, oifigeach de chuid Roinn na Gaeltachta. Thoiligh siad, ar a gconlán féin, dul i mbun feachtais le hEastát Tionscail a bhunú i nGaoth Dobhair, cinneadh a raibh impleachtaí fadthéarmacha aige ar shaol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an cheantair.

Ealaíontoir sa Gailearaí 2016

Deireadh Fómhair 2016

Heidi Nyguen, Brian Byrne and Sarah Lewtas. 

Fís na Fuiseoige - Aodh Ó Coileáin

Iúil 2016

Sa taispeántas, tá 18 bportráid le feiceáil de dhaoine iomráiteacha ó shaol poiblí na hÉireann, iad dubh agus bán agus ar mhórscála, agus roghnaíodh iad ó shraith níos mó de phortráidí. Tá béim sa rogha seo ar dhaoine as Dún na nGall agus as earnáil ealaíon na hÉireann. I measc na gConallach atá le feiceáil sa taispeántas, tá Daniel O’Donnell, Sir Gerry Robinson, Mairéad Ní Mhaonaigh, Pat Doherty, Martin Mooney, Sean Doherty, Moya Doherty agus Sean Rafferty. 


I measc an lucht ealaíon atá le feiceáil ann, tá Louis Le Brocquy, Patrick Scott, Donal Lunny, Jennifer Johnston, Robert Ballagh, Sean Scully, Neil Jordan, Fiona Shaw, Martin Hayes agus Colin Tobin.
Le cois ‘An Island People’, beidh sraith de 16 ghrianghraf de thírdhreach Dhún na Gall ar taispeáint, a glacadh le dornán blianta anuas. Cé go n-aithneoidh daoine go leor de na suímh (an Mhucais, Gleann Bheatha, an Ardaidh) agus de na hábhair (sliabh, spéir agus cladach), tá loime ag baint leo a fhágann go bhfuil siad níos cosúla le huiscedhathanna nó priontaí ná grianghraif dhaite.

Fís Na Fuiseoige

Scannán faisnéise nua a thaispeánfar don chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath 2016
Trí shúile sheisear filí Éireannacha, féachann an scannán ar na coincheapa: dúthaigh, pearsantacht agus inspioráid. An dáimh le dúthaigh a mhúnlaigh an tsamhlaíocht liteartha Ghaelach agus an féinaitheantas Éireannach ón gcianaimsir anuas. Tá saibhreas de shaghas eile seachas maoin saolta cruthaithe ag an tsamhlaíocht seo.

Manglam de chroí agus cloigeann atá i bhFís na Fuiseoige, scrúdaítear an ceangal idir an Duine agus an Dúthaigh, mar a léirítear i bhfilíocht agus seanchas áitiúil na Gaeilge ó ré na bpágánach i leith. Siad na filí finnéithe na staire, traidisiún liteartha gan bhriseadh, an traidisiún is ársa ar oileán na hÉireann.

Déanadh an scannánaíocht thar thréimhse bliana, feictear cuid mhaith den talamh ón aer: Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Cill Airne, Cill Mhantáin, Corcaigh, Béal Feirste, Conamara, Gaeltacht Dhún na nGall.

Is deacair duine agus dúthaigh a dhealú in Éirinn. Céad bliain ó Éirí Amach na Cásca, dearbhaíonn Fís na Fuiseoige an ceangal atá againn le talamh na hÉireann agus an tionchar a imríonn sé seo ar ár samhlaíocht ar ár dtuiscint agus ar ár n-anam mothála.

Páirteach

Nuala Ní Dhomhnaill, Paddy Bushe, Biddy Jenkinson, Gearóid Mac Lochlainn, Cathal Ó Searcaigh, Jackie Mac Donncha An tOll Declan Kiberd, Dr Louis de Paor, an tOll Mairín Ní Dhonnchadha Maidhc Bruic, Máire Ní Chinnéide, Seosamh Ó Cuaig, Darach Mac Con Iomaire, Claire Ní Mhuirthile Fad: 52 nóiméad Teanga: Gaeilge le fotheidil Bhéarla Stiúrthóir Scannánaíochta: Colm Hogan Píolóta Ochtacaptair & Steadicam: Roman Bugovskiy Fuaim: Bob Brennan Eagarthóir: Julie Flavin Stiúrthóir: Aodh Ó Coileáin Léiritheoirí: Marina L. Levitina & Colm Hogan Comhlacht Léiriúcháin: Counterpoint Films Maoiniú: Údarás Craolacháin na hÉireann & TG4

Dhún na nGall ina Phictiúirí

Bealtaine 2016

Roghnaíodh na saothair ealaíne sa taispeántas seo ó bhailiúchán ealaíne Chomhairle Contae Dhún nan Gall agus tá siad uilig lionsabhunaithe.

Thig le bailiúcháin phoiblí mar seo a bheith maith nó olc ach tá saothar lárnach ollmhór ag Comhairle Chontae Dhún na nGall atá iontach maith. 

Tá caighdeán an bhailiúcháin agus an comhcháilíocht inar cuireadh le céile é suntasach agus mórthaibhseach. Saothar coimisiúnaithe atá sa mhórchuid den bhailiúchán agus tá grinnstaidéar déanta ar shaolré Dhún na nGall. 

Tchím pearsantacht an ealaíontóra sna saothair seo ach fosta tchím rudaí atá fíor i mo thimpeallacht féin. Is féidir liom na daoine agus na háiteacha a bhfuil eolas agam fúthu agus a raibh fios agam orthu i m’óige a fheiceáil. Aithním na daoine sin agus a gcuid scéalta. Is ómós suntasach é do na healaíontóirí seo go bhfuil macalla de mo chuid cuimhní féin istigh ina bhfís. 

Is mór an trua go meastar go bhfuil sé mí-eiticiúil go mbaileodh coimeádaí an t-ábhar a mbíonn siad i mbun coimeádaíochta air. Ceann de mo chuid meabhairchluichí nuair atá mé ag coimeád taispeántais, mascasamhail an chinn seo, ná go gcuirim ceist orm féin an gceannóinn na saothair ealaíne seo le mo chuid airgid féin. Cinnte, bheadh gach ceann acu seo agam agus thig liom a shamhlú cá háit go díreach a gcrochfainn iad i mo theach.

Ceannaíodh an chuid is mó de bhailiúchán ealaíne Chomhairle Contae Dhún na nGall trí Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon. Rinneadh cuid de na saothair sa taispeántas a choimisiniú, mórán acu don togra darbh ainm Imaging Donegal. Domsa, léiríonn sé seo an dea-chleachtas is fearr.

Tinteáin

Aibreán 2016


Eoin Mac Lochlainn
Is léargas ar imirce na hÉireann sa 21ú céad atá sa tsaothar nua seo. Sraith pictiúr atá ann ar theallaigh fuara folmha i dtithe tréigthe ar chósta thiar na hÉireann.

Ba é dán le Cathal Ó Searcaigh, darb ainm "Na Bailte Bánaithe", a spreag an dán faoin dóigh a ghnáthaíonn spioraid an tír, na céadta bliain i ndiaidh na daoine a chónaigh san áit a bheith imithe. Chaith mé roinnt ama i nGaeltacht Dhún na nGall le blianta beaga anuas ag cuartú agus ag sirtheoireacht fríd na háitribh aosta atá luaite sa dán. 

Cuireadh i gcuimhne dom cé chomh tábhachtach is a bhí áit na tine don teach cónaithe, an dóigh ina gcoinníodh daoine an tine lasta ar fud na hóiche agus ar fud na bliana, agus an dóigh ina raibh sé i ndáiríre mar ‘theallach’ an tí chónaithe. Dá mbeadh daoine ag bogadh a mbaile, bhéarfadh siad fód móna lasta leo ón seanteach le tine a lasadh sa teach úr chun nach mbriseadh siad an ciorcal.

Bhí sé ina chruachás go leor ag feiceáil na teallaigh tréigthe seo, gach ceann acu lena phearsantacht ar leith féin, agus chuaigh mé i mbun sraith pictiúr a dhéanamh mar chineál éagnairc daofa sin a bhí imithe, cuimhneachán ar an diaspóra. 

Ach, cén áit a dteachaidh siad nó cad é a d’éirigh daofa? Ar éag siad nó an ndearna siad saol níos fearr daofa féin áit éigin eile? Cibé rud, tá an tír seo i bhfadh níos boichte mar gheall ar a gcaillteanas. Tá an dara sraith péintéireachta ag léiriú spéarthaí folmha, samhailchomhartha domsa ar na féidearthachtaí agus gealltanas ar shaol úrnua.

Micheál Ó Nualláin - Siarghabhálach

Feabhra 2016

Siarghabhálach
Cuireann An Gailearaí & Slí na gCopaleen i láthair
Siarghabháil ar cuid saothair Micheál Ó Nualláin

Tháinig Micheál Ó Nualláin ar an tsaol sa Charraig Dhubh sa bhliain 1928, an duine ab óige den 12 páiste a bhí Michael Victor agus Agnes (née Ní Gharmaile) Ó Nualláin. Ba é a dheartháir, Brian, an scríbhneoir ab fhearr aithne air mar Flann O' Brien/Myles na gCopaleen. Nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois, bhain Micheál scoláireacht bliana chuig an Choláiste Náisiúnta Ealaíne. Chuaigh sé ar ais chuig an choláiste sin nuair amháin a chríochnaigh sé a chuid oideachais dara leibhéal, an uair seo le scoláireacht trí bliana. Fuair sé a chéim sa bhliain 1952 agus an bhliain chéanna bronnadh dámhachtain air ón Rannóg Ealaíne de na Cluichí Oilimpeacha i Helsinki.

D’oibrigh sé mar ealaíontóir/dearthóir neamhspléach, ansin mar mhúinteoir ealaíne agus sa bhliain 1965 ceapadh é mar Chigire Ealaíne sa Roinn Oideachais. D’éirigh sé as in 1993. Bhí ceithre thaispeántas aonair aige i mBaile Átha Cliath agus taispeántas i gcomhpháirt le Jack Yeats i dToronto in 1971. Is féidir a shaothar a fheiceáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann agus i ngailearaithe éagsúla eile ar fud an domhain ó Boston go Barcelona. Lena chois sin, d’fhoilsigh sé léaráidí faoin ainm cleite Kilroy.

Cónaíonn Micheál i mBaile na Manach lena bhean chéile Ann. Tá ceathrar clainne acu. Baineadh úsáid as portráid Mhichíl dá dheartháir, Brian, ar stampa comórtha a chuir An Post amach sa bhliain 2011 i gcuimneacháin céad bliain ar bhreith Flann O'Brien. I mbliana, táimid ag ceiliúradh cothrom an lae 50 bliain ó fuair Flann O'Brien bás.

Faoi Spéartha Thír Chonaill

Samhain 2015

Tá lúcháir mhór ar An Gailearaí, Gaoth Dobhair, taispeántas d’oibreacha úra leis an ealaíontóir cáiliúil as Na Gleanntaí, Johnny Boyle, a chur in bhur láthair.

Péintéireacht ealaíona le Johnny Boyle, ealaíontóir na nGleanntach

Tá aithne leitheadach ar Johnny ar fud an chontae, ní amháin mar úinéir Óstán Highlands ach fosta mar éalaíontóir a bhfuil grá agus meas ag cuid mhór air.

Tháinig sé ar an tsaol sna Gleanntaí i nDún na nGall sa bhliain 1951 agus tá sé ag déanamh ealaíon ó bhí sé an-óg. Chaith sé dhá bhliain sa Choláiste Ealaíona i nDún Laoire go luath sna seachtóidí ach amharcann sé air féin mar dhuine nach raibh de mhúinteoir aige ach é féin den chuid is mó.
Níor thosaigh sé ag péintéireacht i ndáiriré go dtí 1988 nuair a bhí 
taispeántas aige ag Scoil Samhraidh Mac Gill.

Péinteáil sé tírdhreacha den chuid is mó; i gconaí ag iarraidh bealaí úra lena chuid mothúcháin ar an cheantar thart air in iarthair Thír Chonaill a chur in iúl ar dhóigheanna éagsúla. Mar a bheithfeá ag súil leis, tá na hoibreacha úra seo déanta go galánta le bua ar leith agus scil iontach. Tá na radharcanna ar thírdhreacha Thír Chonaill, cuid acu coitianta agus cuid eile nach bhfuil chomh coitanta sin, agus tá na praghasanna réasúnta don bhronntanas speisialta sin.

Bhí taispeántais leitheadacha ag Johnny in Éirinn, san Eoraip agus fiú sna Stáit Aontaithe. Tá meas mór ar a chuid pictiúirí, go speisialta a chuid uiscedhathanna, agus tá rachairt mhór orthu ar fud na hÉireann, go háirithe i dTír Chonaill, agus tá siad le fáil i mórán bailiúchán príobháideach ar fur an domhain. 

Albam Griangraf Dhún na nGall

Méan Fómhar 2015

Léargas ar shaol Mhairéad Ní Mhaonaigh
Agus an ceol Traidisúnta í nGaeltacht
Dhún na nGall.

Dé Céadaoin
28 Deireadh Fómhair
6.30– 8.30pm
An Gailearaí,
Aislann Ghaoth Dobhair