Cartlann Taispeántas

Kenneth King - 'Shaol agus a Shaothar '

Samhain 2013

Cé go bhfacthas sa fíchiú haois go bhfuair an t-aer an bhua ar an uisce mar an phríomhshlí iompair, is í an fharraige i gcónaí an ríocht nádúrtha faoi choinne na heachtraíochta.  Tá seacht ndeichiú de dhromchla an domhain faoi fharraige. Táimid eolach ar a cumhacht, a nádúr céadfach –  boladh,  mothú,  fuaim agus blas na farraige.  Mar sin féin, tá sí i gcónaí ar an chuid is do-ghabhála agus is laghad aithne den phláinéad seo. Is í cáilíocht dhúrúnta agus sheachanta na farraige, maraon lena fíorscála, a spreag scríbhneoirí agus ealaíontóirí leis na cianta blianta. Tugadh coimisiniú do Kenneth King, atá i dtólamh ag péintéireacht i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall, tugadh coimisiniú dó mar Shéiplíneach sa Chabhlach Ríoga agus chuir sé isteach a chuid seirbhíse san aigéan Artach, san Atlantach, sa Mheán Mhuir agus i bhfarraigí an Chianoirthir. Déanann sé speisialtóireacht i loingeas cablaigh agus trádála na hÉireann agus úsáideann sé mionsonraí chomhordanáidí beachta na long ar mhaithe lena suíomh a léiriú go cruinn.  Tháinig sé ar an tsaol i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1939, agus thosaigh sé ag péintéirteacht go lánaimseartha sa bhliain 1976, ag díriú go speisialta ar loingeas cabhlaigh agus trádála na hÉireann, chomh maith le cósta agus tithe solais na tíre.  Rinne dreamanna leasa loingis, idir comhlachtaí Stáit agus comhlachtáí ón earnáil Phríobháideach, coimisiniú ar a shaothar, ina measc an R.N.L.I., An Post, B.I.M., agus Oifig na Oibreacha Poiblí. Tá a shaothair le fáil fosta i mbailúcháin Chabhlach na hÉireann, i bhForas na Mara, Poirt Inbhear na Sionnaine, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga agus i bhForas Muirí na hÉireann agus i gcuid mhór bailiúchán  príobháideach.

Tá an taispeántas seo ins An Gailearaí, Na Doirí Beaga, faoi choimeád ag Marianne O’Kane Boal agus a chur ar fáil i gcomhar le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille.  Tá sé maoinithe ag Ealaíon na Gaeltachta, ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag Comhairle Chontae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Oideas Gael, Údarás na Gaeltachta agus dornán urraí príobháideacha gnó.  Tá corradh agus caoga pictiúr de chuid an ealaíontóra sa taispeántas, pictiúir de longa iomráiteacha, den chósta agus de thithe solais ar fud na hÉireann. Ina measc, tá pictiúir de roinnt longa cabhlaigh, eadhon LE Macha, LE Niamh, LE Róisín, agus LE Cliona; soithigh de chuid Loingeas Éireann, eadhon SS Irish Rose, SS Irish Alder, SS Irish Spruce, SS Irish Poplar, SS Irish Willow agus SS Irish Cedar; Scúnair Thrádála na hÉireann eidhon an ‘Kathleen and May’ as Eochaill agus an ‘James Postletwaite’  as an tInbhear Mór; tithe solais de chuid Soilse na hÉireann, eidhon Teach Solais Árainn Mhór, Teach Solais Inis Trá Tholl, Teach Solais Phointe Charraig an Rois, Teach Solais Alt a’Charria, Teach Solais Rinn na Róistigh; longa de chuid Soilse na hÉireann, eidhon Isolda, Atlanta, agus Granuaile agus níos mó ná fiche muirdhreach cósta ó Dhún na nGall, a bhformhór de Ghleann Cholm Cille.  In éineacht an taispeántais, tá leabhar 120 leathanach, faoi chlúdach crua, ina bhfuil cur síos ar luathóige an ealaíontóra agus ar rathúlacht a athar mar ealaíontóir cáiliúil ghloine daite i mBaile Átha Cliath, agus a shlí bheatha ina dhiaidh sin mar Shéiplíneach sa Chabhlach Ríoga agus ina dhiaidh sin arís, sa chomhthéacs seo,  a ghairm bheatha ealaíne. Déanann an léirmheastóir ealaíne, Marianne O’Kane Boal, anailís mhionshonraithe ar shaothar an ealaíontóra i ndáil leis an traidisiún muirphéintéireachta  agus cuireann sí an t-ábhar litríochta ar fáil fosta. Lena chois sin, tá réamhrá sa leabhar ón Staraí Muirí, Terry Conlan. Tá sé ar intinn go mbeadh an taispeántas agus an foilseachán seo mar cheiliúradh ar shaothar  Kenneth King, ealaíontóir atá lonnaithe sa Ghaeltacht,  trína shaol agus a shaothar thar chóir a bheith daichead bliain a thuairisciú. Is cinnte gurb é duine de na muirphéintéirí  is iomráití agus is torthúla in Éirinn agus is é seo an chéad uair a cuireadh a éachtaí os comhair an phobail sa tslí seo.
                                                                                                                                                                                                                        

Marianne O’Kane Boal