Paul Cotter

Ceant Carthana - Ealaín an Chairdis

Paul Cotter
Ceant Carthana - Ealaín an Chairdis

Dec 3rd, 2005.

Beidh ceant carthana coimisiúnaithe ar siúl in Amharclann an Ghrianáin Leitir Ceanainn ar an Satharn 3ú Nollaig ó 2.30i.n.- 5.30i.n.

Séard a bheas ar díol sa cheant nuálaíoch seo ná ochtó píosa ar leith ó shaothar scríbhneoirí, dearcealaíontóirí agus ceoltóirí mór le rá na hÉireann agus is ar mhaithe le hobair charthanach Chathail Úi Shearcaigh i Neipeal atá an taispeántas tiomsaithe airgid seo. 

Beidh na saothair ealaíon le feiceáil ar an suíomh gréasáin seo ón Luan, an 14ú Samhain, ar aghaidh agus is féidir tairiscintí a dhéanamh ach riómhphost a chur chuig: ceardlann@eircom.net. Déanfar na tairiscintí a nuashonrú gach lá, ó Luan go hAoine, idir 4.30i.n. agus 5.00i.n. Cuirfear críoch le tairiscintí ar líne ar an Chéadaoin, an 30ú Samhain ag 4.30i.n. chun go mbeifear in ann urra agus ceangaltas a chinntiú. Ná déan dearmad, le do thoil, d'ainm, do sheoladh agus uimhir teagmhála teileafóin a chur chugainn.

Tá fáilte roimh chuile dhuine chuig an seoladh foirmeálta a bheas ar siúl ar an Satharn, an 19ú Samhain 2005, ag an 8.00i.n. sa Ghailearaí, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall, áit a mbeidh na saothair go léir ar taispeántas go dtí an Aoine, an 25ú Samhain. Ansin, ar feadh cúig lá, beidh na píosaí ealaíon ar taispeántas sa Ghrianán, áit a mbeidh fáiltiú poiblí againn ag an 6 a chlog Dé Luain an 28ú Samhain. Beidh an ceant a dhéanamh ag Ian Whyte, ó Cheantálaithe Whytes i mBaile Átha Cliath, ar an 3 lá de mhí na Nollag agus rachaidh an t-airgead chun sochair do na tionscnaimh oideachais atá ar súil ag Cathal Ó Searcaigh i Neipeal.

Bad Dog are Galway based web design and branding specialists. We adapt to ever changing technologies to bring you awesome website design. We work hard to understand the heart of your message and we endeavour to get that message across to the world in a concise, engaging way. Bad Dog avoids unnecessary clutter and maybe that's what makes us different. We are much more than cool website designs - we get the job done.