Cnoc an Chaisil - Caiseal Hill

Cnoc an Chaisil - Caiseal Hill

Cnoc an Chaisil

Liz Salter

Tá cónaí ar an ealaíontóir Liz Salter i Yorkshire Shasana. Fuair sí MA sa Mhínealaín sa bhliain 2001.  Tá sí féin agus a teaghlach ag teacht go hÉirinn le blianta fada, de réir a chéile ag déanamh a mbealach aníos le cois an chósta thiar. Sa deireadh, fuair siad a fhad le Cnoc an Chaisil i nGort a' Choirce ceithre bliana ó shin agus nuair amháin a chonaic Liz an áit, d'éirigh sí iontach tógtha leis an suíomh seo.  Cuireann an taispeántas aonair seo inár láthair an saothar feiceálach atá mar thoradh ar inspreagadh agus fiontraíocht an ealaíontóra.

Baineann príomhspéiseanna an ealaíontóra le cuimhne agus samhlaíocht:  nádúr ilroinnte na cuimhne agus an dóigh ina dtig le cuimhne athrú thar thréimhse ama, an réaltacht sheachtrach agus b'fhéidir an réaltacht inmhéanach fosta.  D'éirigh leis an ealaíontóir a cuid teoiricí faoin chuimhne a chur in iúl ar shlí atá radharcach agus lán de mhothú. Is saothar an-mhór líníochta atá sa phríomhphíosa sa taispeántas agus  cuireann sé ar chumas an té atá ag amharc air sílstean go bhfuil sé ina sheasamh ar Chnoc an Chaisil.  Ach nuair a déantar scrúdú níos grinne air, tá an mothú seo taobh le taobh le ceann eile de bhrí go n-éiríonn an píosa ilroinnte agus doléite.  I bpíosa eile, tá taiscéaladh níos doimhne déanta aici ar cháilíocht mhearphictiúir seicimh an chuimhne agus is é gaol fada an duine leis an talamh atá faoi scrúdú  aici ina cuid priontaí carbaraim.

Tá spéis stairiúil ag baint leis an tarraingt atá ag Cnoc an Chaisil ar Liz Salter. D'aimsigh agus d'fhiosraigh sí an dún ón Iarannaois óna bhfaigheann an cnoc a ainm ach nach bhfuil eolas ar bith ag formhór an phobail áitiúil fá dtaobh de.  Bhí sí sa ghlóir de thairbhe stair cheilte an tsuímh agus ag macalla débhríoch na gcianta a chuaigh thart agus í ag siortú agus ag screachailt thar na mullachán agus na loganna atá scaipthe ar fud suíomh an dúin. Tugann an saothar seo léargas agus tuiscint don lucht féachana ar an nádúr fiáin tiarnasach atá ag an suíomh, áit óna bhfuil radharc galánta gan sarú le fáil.

Is í an tuiscint atá ag Liz Salter ar Chnoc an Chaisil ná gur ‘áit imeallach ar theorainn  rudaí' atá ann ina bhfuil mistéir ag baint le bhí agus tá.  Nuair a tháinig an t-ealaíontóir ar Chnoc an Chaisil, b'ionann é agus cloch mhíle ina saol a chuireann ar a cumas a peirspictíocht bunúsach a nochtadh agus a chur inár láthair.  Tá sé d'ádh orainne, a bhfuil Cnoc an Chaisil le feiceáil againn gach uile lá, go bhfuil an áiméar againn anois an saothar seo a fheiceáil agus amharc úr a fháil ar ár dtimpeallacht.

 
 
 

Caiseal Hill

Liz Salter

Artist Liz Salter lives in Yorkshire, England, and completed her MA in Fine Art in 2001.  She and her family have been visiting Ireland for years, slowly working their way up the west coast.  Eventually, four years ago they came upon Cashel Hill in Gortahork and so began Liz’s obsession with the site.  This solo show presents the visual outcomes of the artists’ inspirations and explorations.

The artist’s main interests are to do with memory and imagining:  the fragmented nature of memory and how memory can change over time, the external reality and perhaps an interior one also.  The artist has successfully, indeed eloquently, achieved a visual communication of her theories on memory.  The main piece of the show is a large scale drawing installation that allows the viewer feel transported ‘onto’ Cashel Hill.  On closer examination this is juxtaposed by the work becoming fragmented and indecipherable.  Another piece of work further explores the snapshot sequential quality of memory and her carborundum prints examine mans relationship to the land over time.

There is a historical interest in Liz Salters attraction to Cashel Hill.  She has found and explored the Iron Age fort that the name of the hill alludes to yet has bypassed most of our local community.  She has thrived in the hidden history of the site and the ambiguous resonance of its former youth as she scrambled over the bumps and indentations that litter its surface.  Her installation piece gives the viewer some sense of the wild commanding nature of the site, a breath taking panoramic vista.

Liz Salter understands Cashel Hill to be ‘an edge place’ and ‘on the boundary of things’ an enigmatic was and is.  Cashel Hill was a catalytic find for the artist, thereby allowing her to excavate and present her original perspective.  We, who look upon Cashel Hill day and daily, are fortunate to have the opportunity to view these works and look afresh at what surrounds us.