Aislingí na Rossan - The Spirit of The Rosses

Aislingí na Rossan - The Spirit of The Rosses

Aislingí na Rossan 

Kate Doogan

Is ‘den’ fharraige í Kate Doogan, ealaíontóir a bhfuil cónaí uirthi in Ailt  an Chorráin.  Ta dúchas na farraige go smior inti. Tháinig teaghlach a hathar go léir as Inis Caorach, oileán cothrom lom píosa beag amach ó thír mór, áit a raibh an aimsir chomh tíoránta sin gurbh éigean do bhunadh an oileáin ballaí treisithe a thógáil chun iad féin a chosaint ón tsíon. Nuair a bhí sí ina naíonán, chaith Kate sé mhí ar Inis Mhic an Doirn lena hathair, a bhíodh ag giollacht caorach agus ag iascaireacht  – ba ise an leanbh deireanach a chónaigh ar an oileán. Níos moille, i rith a cuid scolaíochta, is iomaí turas iascaireachta a rinne sí in éineacht lena hathair.

Chomh maith leis sin, tá an ceol san fhuil ag Kate agus tá sí oilte ar an bhosca ceoil. Tá cuid mhór duaiseanna buaite aici as a cuid ceoil agus tá clú agus cáil uirthi ar fud Dhún na nGall. I ndiaidh do Kate pósadh, thug a cuid ceoil í go Londain, go dtí an Astráil agus go Singeapór. 

Ach sa deireadh thiar thall, agus de thairbhe spreagadh óna máthair agus a deirfiúr, d’fhill Kate ar mhian a croí – an ealaín. Níor tharla sé seo go dtí mí Mheithimh 2005  agus ar an tséala sin, tá suntas mór ag baint leis an saothar atá curtha i gcrích aici san am gairid sin. Cé gur fhreastail Kate ar dhornán ranganna oíche áitiúla, go bunúsacha tá sí féinmhúinte.  Ba bheag aird a bhí aici ar nithe a chuirfeadh am amú, macasamhail ‘am de dhíth chun an dóigh le péint a úsáid a fhoghlaim’. Tá a ceird sa dúchas innti.  Tá sé intuigthe ón rabharta paiseanta saothair seo go bhfuil ballaí cosanta a hoileáin chruthaitheach tugtha anuas ag Kate. 

Ní de thaisme atá a meon inmheánach cruthaitheach thar a bheith láidir – is de bhunadh láidir oileáin í Kate agus ní hiontas ar bith go bhfuil íomhá na farraige in iomlán a cuid péintéireachta.  Cuireann a saothar bunaidh forrán ar an tírdhreach – ag fáil aithne air agus ag rá ‘caidé mar atá tú, a fharraige’?  Ó thaobh na cruthaitheachta de, tá cuairteanna tugtha aici ar chuanta agus ar bhánna éagsúla agus tuairisciú déanta aici orthu ina cuid canbhás, ag athnuachaint a gaol le háiteanna aithnidiúla.  Sa tslí sin, tig leis an ealaíontóir a teanga inmheánach chruthaitheach féin a ‘chluinstin’ and cur in iúl shoiléir a dhéanamh uirthi ansin.  Tá an bád ina chomhartha tábhachtach; i dtús báire tá sé ar ancaire  i bhfarraigí ciúine, ansin seolann sé amach go bánna agus ar aghaidh leis amach  níos faide go dtí an fharraige mhór. Spéisiúil go leor, níl an bád chomh tábhachtach sin sa saothar is déanaí de chuid Kate.  Tá brí agus beocht i bhfuinneamh Kate, táirgeann sí flúirse saothar agus, go cruthaitheach , d’fhéadfadh sí seoladh go cuan ar bith.  Ach tá rud amháin cinnte dearfa, sé sin go bhfreagraíonn an t-ealaíontóir seo go paiseanta dá bia cothaithe cruthaitheach – soláthar geallta gan teora den chontanam síoraí d’fharraigí scáthánacha spéire. 

Heidi Nguyen

Rugadh agus tógadh Heidi i bPáras na Fraince. Ba as an tSualainn a máthair agus ba as Vítneam a hathair – cúlra a thug dearcadh domhanda do Heidi.  I ndiaidh di a cúrsa i gcoláiste ealaín a chríochnú, chaith Heidi deich mbliana sa Fhrainc mar mhaisitheoir leabhar agus mar dhearthóir  grafach. Tá a taithí le linn na tréimhse sin le tabhairt faoi deara go soiléir ina gcuid líníochtaí; tá na marcanna muiníneacha sothuigthe. D’aistrigh sí go Baile Átha Cliath sa bhliain 1996, áit ar chaith sí dhá bhliain ag gabháil den líníocht agus ag fáil aithne ar shaol cathrach na hÉireann. Sa deireadh, thart fá ocht mbliana ó shin, bhog sí go dtí an tuath, go Murbhach Maoláin ar an Mhachaire, agus bhunaigh sí a stiúideo ansin – bhí a spás féin aimsithe aici. Ó shin i leith, tá sí i mbun oibre i rith an ama agus go leor taispeántas dá saothar tugtha aici sna blianta sin.  Tá saothair dá cuid i mbailiúchán Oifig na nOibreacha Poiblí, i mbailiúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall  agus i mórán bailiúchán príobháideach agus bronnadh Duais Ealaíne Derek Hill uirthi i gComórtas Ghailearaí na Gléibe. Bhí sí rannpháirteach i gCosán na nEalaíontóirí  a bhí mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail, 2005, agus ar éirigh go hiontach leis. Beidh sí rannpháirteach ann i mbliana arís. Is clódóir í Heidi fosta agus i láthair na huaire, tá sí ina rannpháirtí ar an chúrsa clódóireachta agus riarachán ealaíon, dár teideal ‘Tearmann’, atá a reáchtáil ag Cló Ceardlann na gCnoc i nGaoth Dobhair. 

Cleachtann Heidi geoga agus machnamh Tia Chai. Tá gaol nó comparáid shoiléir idir an spás intinneach agus spioradálta ina mbíonn sí ann le linn di a bheith ag machnamh agus le linn di a bheith ag déanamh pictiúr. Bíonn sí oscailte agus gabhálach  don dá cheann. Cuireann urraim an ealaíontóra don difríocht ar a cumas dearcadh domhanda a bheith aici, tréith a chothaíonn a hábaltacht i gcur ar fáil ceiliúradh  driogtha.  Sa chiall seo, is ionann a cuid pictiúr le hábhar macnaimh a ghabhann bunbhrí agus spiorad ‘áite’.  Tá na saothair líofa, íosta, dheimhneacha  seo amhail le mapáil mheitéareolaíoch mheafrach  dár dtír, dár n-aeráid agus dár spiorad.  Ní i mionsonraí an tírdhreacha atá spéis Heidí ach, ag an am céanna, is iad na mionsonraí sin a dhéanann feasacht dá saothar.  Tá na cúig céadfaí ag feidhmiú don ealaíontóir – amharc, boladh, éisteacht, mothú agus blaiseadh.  Nuair a dhéanann sí é seo a aithris ar ais chugainn, faigheann muid cuimhne dhriogtha. 

Baineann Heidi úsáid as péint aicrileach, as a lámha agus as seanbhratógaí – ní bhaineann  sí úsáid ar bith as  scuaba – agus siocair go ndéanann sí a cuid oibre in situ, imeascann an ghaoth, bruscar séidte agus an fhearthainn lena cuid oibre. Lena chois sin, déanann an aimsir agus an t-atmaisféar  a gcion féin don luas agus don ghotha.  Cuireann an cur chuige seo ar a cumas a theacht chomh cóngarach sin den chanbhas – nó fiú thairis -  go sroicheann sí áit gan chónaí, áit inar léir gurb é an pictiúir atá ag stiúradh an chomhrá.  Cuireann an t-ealaíontóir síos ar an chomhrá seo mar thonnchrith –  is cinnte gur  beart calma cróga  atá i gceist le bheith in inmhe an tonnchrith seo a ghlacadh agus ansin a leithéid a thuairisciú.

 
 
 

The Spirit of The Rosses

Kate Doogan

Artist Kate Doogan is ‘of’ the sea, it is in her experience, her bones and her psyche. Her father’s family all came from Inis Caora, the island of the sheep, a flat, bleak island just off the mainland. She is also an accomplished box player and has received numerous awards for her music and is well known in Donegal.

Encouraged by her mother and sisters Kate eventually returned to her unattended passion – art. She only began again in June 2005 and the body of work she has produced in this short time is remarkable. Not surprisingly, the sea features in most of her paintings. The artist has visited and recorded various ports and bays in her canvases, re-acquainting herself with strong familiars. 

Kates’ energy is vibrant and her output prolific and she could creatively sail anywhere. What is certain is that this artist responds passionately to and has been guaranteed her creative food – an endless supply of the eternal continuum of sky mirrored seas. 

Heidi Nguyen

Heidi Nguyen was born and raised in Paris. Having completed Art College Heidi spent ten years working as an illustrator and graphic designer. She moved to Dublin in 1996 and finally eight years ago Heidi moved to rural Marameelan, Dungloe and set up her studio. She has practiced continually since this time and has exhibited regularly over the years. Her works are part of numerous private and public collections and she was awarded the Derek Hill Art Prize in the Glebe Gallery Competition. Heidi was a participant in the successful Artist Trail as part of the Errigail Arts Festival 2005 and will do so again this year. 

Heidis’ paintings are meditations that capture the essence and spirit of a ‘place’. These works are fluid, minimal and bold meteorological and metaphorical mappings of our land, climate and spirit. Because the artist makes her work in situ, the wind, blown debris and the rain all become part of the work. This approach allows her to get as close as possible to the canvas if not beyond it, to an uninhabited place, where the painting dictates the dialogue. The artist describes this dialogue as a vibration – to be able to receive this vibration and then record it is an act of quiet courage.