Dealbhóireacht & Líníocht - Sculpture & Drawing

Dealbhóireacht & Líníocht - Sculpture & Drawing

Dealbhóireacht & Líníocht

John Mc Hugh

Tá an dealbhóir John Mc Hugh ina chónaí in Acaill. Baineann a shaothar go díreach leis an tírdhreach atá sa chomharsanacht agus le timeallacht thógtha an tsráidbhaile. Bíonn  John ag obair go dlúth leis an phobal áitiúil. Tá taispeantáis tugtha aige in Éirinn –  sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath, in Abha Teangaí, Acaill, i nGailearaí Crawford, Corcaigh, sa Model Arts Centre, Sligeach, i nGailearaí Chathair Luimnigh, sa Guinness Hop Store i mBaile Átha Cliath, san  RHA i mBaile Átha Cliath, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá – sa Mitchell Gallery, Southern  Illinois.- Taispeántas Faoin Aer, Southern Illinois University,  Vergette Gallery. – Taispeántas Aonair Faoin Aer, Illinois.  Tá duaiseanna faighte aige ón Chomhairle Ealaíon, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo.  

Déanann sé comhordú ar chuid oibre Chumann Heinrich Böll Acla – a chuireann ar fáil tréimhsí cónaitheacha idirnáisiúnta do scríbhneoirí agus ealaíontóirí sa teach beag a bhí ag an file  Heinrich Böll, ar bronnadh duais Nobel air, ar Oileán Acla.  Tá sé ina bhainisteoir ar Stiúideonna Theach an Chustaim i gCathair na Mart, áit ina gcuirtear ar fáil stiúideonna do dhearcealaíontóirí – clár do mhalartú idirnáisiúnta – stiúideo déanta priontaí agus spás gailearaí ina reáchtáiltear clár taispeántais lánaimseartha.

An Saothar

Tá braistint áite ina tionchar mhór ina chuid saothar.  Tá sé le tabhairt faoi deara sna líníochtaí a d’eascair ó staidéir ar an tírdhreach – chun an mothú sin de bheith laistigh de thírdhreach ar leith a bhfuil dáimh ag duine leis – go nochtar tuairimí agus mothúcháin an ealaíontóra óna eolas pearsanta agus a chómhuintearas le háit.

Tá na píosaí dealbhóireachta déanta ar mhodh traidisiúnta, ag úsáid adhmad, miotal a bhí caite ar shiúl agus conamar coincréite. Tagann siad seo go léir as an chomharsanacht thart fá shráidbhaile Dhumha Acha in Acaill. Nochtann samhlaoidí den tréimhse ó na 1930idí go dtí na 1980idí, ó eolas agus cuimhní cinn pearsanta an ealaíontóra féin, trí na saothair dealbhóireachta seo. Tagann an conamar coincréite ó thimpeallacht thógtha an tsráidbhaile, de réir mar a déantar athrach agus athchóiriú uirthi. I rith na 1930idí agus 1940idí, tógadh tithe le coincréit. Tá siad seo á leagan anois agus tá tithe nua-aimseartha á dtógáil ina n-áit.  Gach uile gheimhreadh, déanann an fharraige tuilleadh creimthe ar ché an tsráidbhaile, - is é seo áit ar leith atá iontach tábhachtach don bhaile.  Is déil bogaigh atá san adhmad – adhmad a fuarthas as an phortach agus a ndéantar dealbhóireacht éadrom air ag úsáid teicníc ceirde.  Maidir leis na píosaí miotail a fuair sé, is fuílleach iad d’uirlisí coitianta feirme agus tí.  

 
 
 

Sculpture & Drawing

John Mc Hugh

John Mc Hugh  is a sculptor living in Achill. His work relates directly to the surrounding landscape, and village built environment, and he has worked closely with the local community. He has exhibited in  Ireland, at Project Arts Centre, Dublin, Abha Teangai Achill, - Crawford Gallery, Cork . Model Arts Centre Sligo , Limerick City Gallery, Guinness Hop Store, Dublin, RHA Dublin ,– and in the US at - Mitchell Gallery, Southern  Illinois.- Out Door Exhibition, Southern Illinois University,  Vergette Gallery. - Solo Outdoor Exhibition, Illinois.  He has received awards from Arts Council of Ireland. Dept of Foreign Affairs. and  Mayo Co Council.  

He co-ordinates the work of the Achill Heinrich Böll Association – which provides an international  residence for writers and artists in the cottage of  the  Nobel Laureate  Heinrich Böll on Achill Island.  He is manager at  the  Custom House Studios in Westport which  provids studios for visual artists - an international exchange programme - a  printmaking studio and a gallery space  operating a full  exhibition programme.

The Work

This work  is strongly informed by a sense of place.  The  drawings evolved from studies of landscape - to describe being in a familiar and  specific landscape - the artist’s impressions and emotions emerging from  personal knowledge and feelings of a familiar place .

The sculptures  are made in a traditional fashion using  wood, found metal and concrete fragments. These  refer  directly  to  the local environment of  Dooagh village in Achill. Imagery evoking  a period of the 1930’s - 1980’s  informed by the artist’s  personal  history and   memories  emerge through the sculpture  works. The concrete are fragments of the built environment of the village as it changes and is renewed. Houses built using concrete  in the 1930’s and 1940’s are now being demolished to be replaced by modern homes.  The  village pier gets eroded each winter, - this  a place of  importance and significance in the village.  The wood is bog deal - wood uncovered from bog lightly worked in a craft technique.  Found metal items are the remains of recent familiar farm and household objects.