Cuisle Ag Ardú - Ascending Pulse

Cuisle ag Ardú

Seán Ó Flaithearta, Maggie Morrison, Úna Ní Shé, Tomasz Madajczak

Tá ceithre ealaíontóir, atá ina gcónaí agus ag obair ar chósta thiar na hÉireann, roghnaithe ag An Gailearaí le comh-thaispeántas a chur ar siúl faoin teideal Cuisle ag Ardú. Nochtann an seó comhoibritheach seo ‘cuisle’ láidir rathúil a bhaineann leis an dearcléiriú comhaimseartha atá i dtreis feadh chladaí an iarthair. Déantar péintéireacht, líníocht agus grianghrafadóireacht a athscrúdú agus a athmheas ar mhaithe le gach ealaíontóir glacadh lena theanga físe féin.

Seán Ó Flaithearta

Inis Mór, Co na Gaillimhe

Is ó Inis Mór é Sean Ó Flaithearta atá ina chéimí den Choláiste Náisiúnta Ealaíon, Baile Átha Cliath, agus a chaith seal ag staidéar sa Bheilg agus seal eile ag staidéar sna Stáit Aontaithe. Bronnadh cuid mhór sparánachtaí agus cónaitheachtaí air agus ón bhliain 1989 ar aghaidh bíonn a chuid saothar ar taispeáint  go leanúnach in Éirinn agus fosta thar lear.

“Iarrann Ó Flaithearta orainn tochailt faoi dhromchla an radhairc tíre chun teacht ar dhomhan folaithe na scéalaíochta, na comharthaíochta.  Baineann a chuid oibre le hathfhás, lobhadh agus meath, agus leis an dóigh a n-athraíonn an dúlra cúrsa na beatha daonna.  Bíonn ceangal inti idir an t-am atá caite agus an t-am i láthair agus idir ceisteanna sóisialta, polaitiúla, creidimh agus cultúir. Meabhraíonn na hamhábhair a úsáideadh sa saothar síoroibriú na ndúl, creimeadh agus síorchaitheamh an ama dúinn.”

Maggie Morrison

Oileán Acla, Co Mhaigh Eo

Is as Baile Átha Cliath ó thús í Maggie Morrison ach tá cónaí uirthi in Oileán Acla le 17 bliain. I ndiaidh di a céim a fháil ón Choláiste Náisiúnta Ealaíon, Baile Átha Cliath, chuaigh sí go Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar bhain sí céim máistreachta amach.  Tá taispeántais rialta déanta aici le blianta anuas sa bhaile in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

“Ar na mallaibh, agus go tobann, thosaigh mé ag péinteáil na farraige. Tá an fharraige os mo chomhair amach gach uile lá, an chéad rud a fheicim ar maidin ó tharla go bhfuil cónaí orm 150 méadar ón chladach le 17 bliain anuas. Is go hannamh a bhíonn dath gorm ar an fharraige, de ghnáth bíonn sí liath, donn, dubh, glas agus ar dhath an airgid. Scanraíonn sí mé; tá sí fairsing éideimhin, fliuch, goirt agus chomh hollmhór sin.  Ar feadh formhór na mblianta sin, rinne mé iarracht neamhiontas a dhéanamh di, ach tháinig na pictiúirí seo chun solais in ainneoin mo dhícheall.”

Úna Ní Shé

Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí

Fuair Úna Ní Shé a céim ón Choláiste Náisiúnta Ealaíon, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1980. Ó shin i leith, tá clú agus cáil tuillte aici mar cheann de na healaíontóirí is nuálaigh a oibríonn le feilt agus teicstílí. Bíonn a cuid saothar ar taispeántas go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

“Bailíom cnámha 's creatlaigh go dtagaim orthu ar na cnoic agus ins na dumhacha cois farraige. Tá said lán do bheocht agus grástúlacht agus tagann íomhanna eile chugam nuair a bhíom á staidéir is á dtarrach. Rudaí ar nós corp daonna, seid, bláth dóchais nó lámh árdaithe. Tá na liotagrafanna cloiche bunaithe ar ceoilteóirí agus iad i mbun ceoil a chumadh ar an láthair. Tá siad línithe agamsa sa spiorad chéanna.”

Tomasz Madajczak

An Fál Carrach, Co Dhún na nGall

Rugadh Tomasz Madajczak sa Pholainn ach tá sé ina chónaí in Éirinn ón bhliain 2002. Bhain sé céim amach in Acadamh na Mínealaíona, Poznan, An Pholainn. Rinne sé a chuid saothar a thaispeáint ó shin i leith sa Pholainn, sa Ghearmáin, san Ísiltír agus in Éirinn. 

“Tá na háiteanna agus na dálaí ina bhfaigheann muid féin réamhshocraithe ag tosca faoi leith. Téann an taithí atá faighte againn, maraon lenár gcáilíochtaí ceilte, i gcion orainn  sa dóigh go dtuigeann agus go ngníomhaíonn muid ar bhealach nach bhfuil éinne ach muid féin in inmhe a dhéanamh. Trí chomharthaí an tsaoil eile a bhraistint agus a aithint, féachaim le teorainneacha m’éirim chúng  a leathnú. Tugann an ealaín spás agus muinín dom  chun nach mbeidh eagla orm a bheith i mo chúis le próisis do-athraithe a chomhlíonann mo bharúilse den chruthaíocht.  Siocair gurb é mise an eilimint chuthaitheach agus go mbím ag breathnú ar an phróiseas, tá mé in ann mé féin a dheighilt ó na próísis atá i mo thimpeall i gcónaí.”

 
 
 

Ascending Pulse

Seán Ó Flaithearta, Maggie Morrison, Úna Ní Shé, Tomasz Madajczak

An Gailearaí has selected four artists living and working along the west coast of Ireland to exhibit together under the title Cuisle ag Ardú. This group show is representative of the strong, thriving ‘pulse’ of contemporary visual expression that flourishes along the western board. Painting, drawing and photography are re-examined, re-appraised and adopted as each artists own visual language.

Seán Ó Flaithearta

Inis Mór, Co Galway

A native of Inis Mór, Sean Ó Flaithearta and is a graduate of NCAD and has studied in both Belgium and the United States. He has received numerous bursaries and residencies and has exhibited continually since 1989 both in Ireland and abroad.

“Ó Flaithearta asks us to dig beneath the surface of the landscape in order to find the hidden world of storytelling, of symbolism. His work relates to re-growth, rot and decay and with the manner in which nature alters the course of human life. It shows a connection between time past and time present and social, political, belief and cultural issues. The raw materials used in the work remind us of the constant movement of the elements, of erosion and of the perpetual passage of time.”

Maggie Morrison

Achill Island, Co Mayo

Maggie Morrison is originally from Dublin but has lived for 17 years in Achill Island. A graduate of NCAD she completed an MA in the U.S. and has exhibited regularly over the years both nationally and internationally.

“Recently and quite suddenly I have been painting the sea. The sea is in front of me every day, the first thing I see every morning as I live 150 metres from the shore for the past 17 years. The sea is rarely blue, more often grey, brown, black, silver and green. It frightens me; it is vast and unpredictable, wet, salty and so enormous. For most of these years I have tried to ignore it and these paintings have come about despite my efforts.”

Úna Ní Shé

Chorca Dhuibhne, Co Kerry

Úna Ní Shé graduated from the NCAD in 1980. Since then she has developed a reputation as one of the most innovative artists working in felt and textiles and has exhibited both nationally and internationally.

“In my drawings I explore the life and energy to be traced in the bones and skeletons that I come across in the landscape. As I study them in an intuitive way other images, connected with the human body, buildings and recognizable gestures and symbols, emerge. The lithographs are studies of musicians giving improvised music performance. They are drawn in the same spirit of exploration and deep focus.”

Tomasz Madajczak

An Fál Carrach, Co Dhún na nGall

Tomasz Madajczak is originally from Poland but has lived in Ireland since 2002. He graduated from the Fine Art Academy, Poznan, Poland and has since exhibited in Poland, Germany, Netherlands and Ireland. 

“There are certain factors that determine our being in places and situations. Past experience and our hidden qualities influence us to perceive and act in a way that only we are able to. By sensing and acknowledging the symptoms of the unknown I try to extend the boundaries of my limitations. Art gives me space and confidence not to be afraid of causing irreversible processes that fulfill my idea of creation. Being the creative element and observing the process allows me to dissociate myself from the processes that surround me at all times.”