30 Bliain | Ealaíontóirí | Áiteanna - 30 Years | Artists | Places

30 Bliain | Ealaíontóirí | Áiteanna - 30 Years | Artists | Places

30 Bliain | Ealaíontóirí | Áiteanna

Ag ceiliúradh 30 bliain de sholáthar na n-údaráis áitiúla do na healaíona

Is é seo ceann de na taispeántais is suntasaí d’ealaíontóirí Éireannacha le déanaí - 30 Bliain, Ealaíontóirí, Áiteanna agus marcálann seo 30 bliain ó thosaigh Údaráis Áitiúla ag soláthar do na healaíona go háitiúil. Tá 30 ealaíontóir agus 30 áit luaite.

I measc na n-ealaíontóirí a bhfuil clú agus cáil orthu tá Tony O’Malley, Alice Maher, Robert Ballagh, John Kindness, Norah McGuiness, Sean McSweeney, Sean Lynch agus John Shinnors chomh maith le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn, leithéidí Cora Cummins, Cleary Connolly, Lisa Fingleton, Jenny Brady, Vanessa Lopez agus David Stephenson agus tá trácht ar go leor eile sa taispeántas, atá maoinithe ag an Chomhairle Ealaíon.

Luann an taispeántas áiteanna, daoine agus bailte a léiríonn forbairt ealaíon na n-údaráis áitiúla díreach mar sin – d’áit, de dhaoine agus de bhailte, d’Éire tuaithe agus uirbeach, d’áit chónaithe ar oileán atá ag athrú, áit a bhfuil smaointe dána úrnua againn ach ina bhfuil muid fréamhaithe inár n-am atá thart.

Is taispeántas é seo a chaithfear a fheiceáil, ní amháin faoi choinne an comhshocrú neamhghnách d’ealaíontóirí Éireannacha ach na scéalta faoin dóigh inar cheannaigh, inar choimisiúnaigh nó a bhfuair na húdaráis áitiúla iad. Is ansin atá an scéal fíor; an tacaíocht chiúin, fíor agus samhlaíoch d’ealaíontóirí Éireannacha a thug ár n-údaráis áitiúla dóibh le níos mó ná 30 bliain.

 

30 Years | Artists | Places

Celebrating 30 years of local authority provision for the arts

One of the most significant exhibitions of Irish artists in recent years, 30 Years, Artists, Places marks 30 years since Local Authorities embarked on providing for the arts locally, featuring 30 artists and 30 places.

Renowned artists such as Tony O’Malley, Alice Maher, Robert Ballagh, John Kindness, Norah McGuiness, Sean McSweeney, Sean Lynch and John Shinnors alongside emerging artists Cora Cummins, Cleary Connolly, Lisa Fingleton, Jenny Brady, Vanessa Lopez and David Stephenson and many others feature in the exhibition, which is being funded by The Arts Council.

The collection speaks of places, people and home which reflect upon local authority arts development as just that, of a place and of a people, of rural and urban Ireland, of home in a changing island where we are bold with new ideas but rooted in our past.

The exhibition is a must see, not just for the extraordinary line up of Irish artists but for the stories of how each work came to be purchased, commissioned or acquired by local authorities. Therein lies the real narrative; the quiet, genuine and imaginative support for Irish artists demonstrated by our local government for the past 30 years.