Obair Saoil

Obair Saoil
Pádraic Reaney
Le Michael D. Higgins a lua, “Cuireann saothar Phádraic Uí Rianaigh i gcuimhne dúinn an gealltanas agus an bagairt a bhaineann leis an bparadacsa atá mar bhunchloch ag gach cultúr. Tá muidinne, mar dhaoine fisiciúla, teoranta, ach tá bronnta orainn — nó mallaithe le — samhlaíocht gan teorainn. Thug an iarracht ar an bparadacsa a réiteach ealaín agus ealaíontóirí dúinn.”
Is cleachtóir bisiúil é Pádraic Reaney agus tá sé sin amhlaidh ó thús a shlí bheatha mar ealaíontóir. Tá a shaothar fairsing agus cuimsitheach, agus tá áthas ar An Gailearaí rogha a thaispeáint as a shaothar le bród. Clúdaíonn cleachtas Phádraic péintéireacht, priontáil agus dealbhóireacht, agus is línitheoir fíor-chumasach é.
Rugadh Pádraic ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1952, agus rinne sé staidéar ar na Mínealaíona i gColáiste Teicniúil Réigiúnach na Gaillimhe, áit a raibh an dealbhóir Oisín Kelly ina theagascóir aige, agus tá a shaothar ar taispeáint ann go leanúnach ó na 1970idí i leith. Tá a shaothar taispeánta go forleathan in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag, agus tá sé i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha i gcéin is i gcóngar. Sa bhliain 2020, tugadh cuireadh do Phádraic ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Taispeántais Ealaíne Idir-ilchríochacha “Na Náisiúin Aontaithe - siombail na beatha, na saoirse agus an sonais”, taispeántas ceiliúrtha chun comóradh 75 bliain na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh.
Tá ról gníomhach ag Pádraic Reaney i ngníomhaíochtaí ealaíne i gcontae na Gaillimh; bhí sé ina bhall de bhord Ionad Ealaíon na Gaillimhe idir na blianta 1996 agus 1999. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Western Artists Island Connection agus an Drimcong Press. Bronnadh Duais Phádraic Mhic Con Midhe air ag Oireachtas na bliana 1979. Chuir Ionad Ealaíon na Gaillimhe taispeántas siarghabhálach lár-ghairme i láthair idir 1973 agus 1993 a chuaigh ar camchuairt chuig sé chontae. Thaispeáin sé sraith grianghraf bunaithe ar a shaothar maidir le tithe tréigthe i Ros an Mhíl (1979–1983) i Músaem Cathrach na Gaillimhe ó Iúil go Deireadh Fómhair 2008.
Tá láidreacht chomhionann ag dealbha Phádraic Reaney lena chuid pictiúr agus ghrafaic, agus tá go leor acu i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha. Tá go leor coimisiún poiblí curtha i gcrích aige, go háirithe Gairdín Cuimhneacháin Liam Ó Flaherty ar Inis Mór a dhear sé chomh maith leis an dealbh cré-umha atá ann. Sa bhliain 2007 chríochnaigh sé an píosa cré-umha ‘Diarmaid agus Grainne’ do Bhaile Labhráis a choimisiúnaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus sa bhliain 2007 chomh maith, dhear sé Bonn Cuimhneacháin Phádraig Ó Riain. Sa bhliain 2011, trí fhuinneog gloine dhaite, Teach Pobail Leitir Móir, Co. na Gaillimhe.
An Overview
Pádraic Reaney
To quote our president Michael D. Higgins, “Padraic Reaney’s work recalls the promise and the threat of the paradox that forms the root of all culture. We are as physical beings finite but gifted or cursed with infinite imagination. The attempt at resolution of the paradox has given us art and artists.
Padraic Reaney is a prolific practitioner and has been since the start of his artistic career. His back catalogue is immense and An Gailearaí is both happy and honoured to show a selection of his oeuvre. Padriac’s practice encompasses painting, printing and sculpture and is a truly adept draughtsman.
Born in Cheathrú Rua, Co Galway in 1952, Padraic studied Fine Art at the Galway Regional Technical College, where he was taught by sculptor Oisín Kelly, and has exhibited continuously since the 1970’s. He has exhibited extensively in Ireland, Scotland and Wales and his work is in numerous public and private collections. In 2020 Padraic was invited to represent Ireland at the Intercontinental Art Exhibitions “United Nations-symbol of life, freedom and happiness”, a celebratory exhibition to mark 75 th Anniversary of the UN.
Padraic Reaney has been an active participant within the artistic activities around county Galway; he sat on the board on the Galway Arts Centre 1996 – 99, he was a founder member of Western Artists Island Connection and the Drimcong Press, he was awarded the Pádraic Mac Con Midhe Prize at the Oireachtas 1979, The Galway Arts Centre presented a mid-career retrospective 1973 – 1993 that toured to six counties, he exhibited a series of photographs based on this work of the ruined cottages in Ros an Mhíl (1979-1983) at the Galway City Museum, July-October 2008.
Padraic Reaney’s sculptures exist equally as strong along side his paintings and graphics and are held in many public and private collections. He has completed numerous public commissions, notably the Liam Ó Flaherty Commemorative Garden on Inis Mór which he designed as well as the bronze sculpture therein. In 2007 he completed the ‘Diarmaid and Grainne’ bronze piece for Lawrencetown commissioned by Galway County Council and also in 2007 he designed the Paddy Ryan Memorial Medal. In 2011 three stained glass windows, Teach Pobail Leitir Móir, Co. Galway.