Seolfar Anseo is Ansiúd le Dee Shanny & Seamus Gallagher sa Ghailearaí De hAoine 7 Samhain ag 7in. Osclóidh Cornelius Browne an seó go hoifigiúil, beidh ceol beo le Tara is Ger agus beidh deochanna ar fáil. Fáilte roimh chách chuig an imeacht saor in aisce é seo.
Dee Shanny
Is ealaíontóir plein air í Dee Shanny atá lonnaithe i nDún na nGall. Gabhann a saothar ealaíne an tírdhreach atá ag athrú i gcónaí, an solas atá ag bogadh i dtólamh agus tír-raon uathúil thírdhreacha an iarthuaiscirt. Ag obair den chuid is mó in olaí, péinteálann sí go díreach ón móitíf atá os a comhair, le strócanna scuaibe scaoilte léiritheacha, a ghabhann a sceitimíní faoin bhomaite sin - a roinneann sí linn ansin ina saothair chríochnaithe.
Tá Dee go mór ar son an phéintéireacht plein air agus tá an oiread sin ealaíontóirí buíoch di as a tiomantas do chomhordú Ghrúpa Plein Air Iarthuaisceart Dhún na nGall. Léirítear a paisean sna ceardlanna agus sna ranganna teagaisc iomadúla a thugann sí, rud a spreagann muinín agus saoirse i gcleachtóirí eile.
Seamus Gallagher
Rugadh Seamus Gallagher i nDoire agus rinne sé staidéar ar an mhínealaín i Scoil Ealaíne Wimbledon agus ina dhiaidh sin chuir sé sé staidéir iarchéime i gcrích i gColáiste Goldsmiths, Londain. Tá Seamus ag múineadh Ealaíne & Dearaidh le 25 bliain, 16 díobh sin mar Cheann Ealaíne i Meánscoil Naomh Peadar, Doire. Tá Seamus ina chónaí i nDún na nGall le 30 bliain anuas agus leanann sé ag péinteáil go lánaimseartha.
Díríonn a shaothar ar thírdhreacha garbha agus fileata Chontae Dhún na nGall; tírdhreacha mara, dumhcha, portaigh sléibhe agus cladaigh, nach bhfuil múnlaithe ag mionsonraí ach ag a chuimhne, a intuition agus a athshondas mothúchánach – ‘tuiscint’ áite. Is minic a chuireann sé síos ar a phróiseas cruthaitheach mar chomhrá leis an chanbhás, áit a dtreoraíonn dath agus péint forbairt atmaisféir agus giúmar.
——————————————————————————————————————-
Anseo is Ansiúd (Here and There) bu Dee Shanny and Seamus Gallagher will launch on Friday the 7th November at 7pm. Cornelius Browne will officially launch the show, there will be live music from Tara & Ger and drinks will be served. All are welcome to this free event.
Dee Shanny
Dee shanny is a plein air artist based in Donegal. Her work captures the changing landscape, the ever-shifting light and the unique terrain of the northwest landscapes. Working primarily in oils, she paints directly from the motif in front of her, with loose expressive brushstrokes, that capture her excitement of that moment – that she then shares with us in her finished works.
Dee is a passionate advocate for plein air painting and so many artists are grateful to her for her commitment to coordinating the Donegal Plein Air Group. Her passion is demonstrated in the many workshops and tutorials she delivers thereby encouraging confidence, freedom in other practitioners.
Seamus Gallagher
Seamus Gallagher was born in Derry and studied fine art at Wimbledon School of Art and later completed postgraduate studies at Goldsmiths College, London. Seamus has taught Art & Design for 25 years, 16 of those as Head of Art at St Peter’s High School Derry. Seamus has lived in Donegal for the past 30 years and continues to paint full time.
His work centres on the rugged and poetic landscapes of County Donegal; seascapes, dunes, mountain bog and shorelines, that are shaped not by detail but by his memory, his intuition and emotional resonance – a ‘sense’ of place. He often describes his creative process as a conversation with the canvas, where colour and paint guide the development of atmosphere and mood.