Tograí Deireanacha 1

Tograí Deireanacha 1

Dinnensias I, 2008

Cuid d’ár noidhreacht agus Cultúr Dúchasach.

Ó thaobh taobh na Tíre seo, tá Dinnseanchas dúchasach ag baint le gach aon eile phobail, paróiste agus baile fearainn. Is tradisiúin béil é a cheanglaíonn an teanga gaeilge agus ár n-oidhreacht dúchasach. Tá suim faoi leith ag an file Nuala Ní Dhómhnaill san ealaín seo agus tá go leor ailt scríofa aici faoi.

Mar chuid ’dhúshlán Cheardlann na gCroisbhealach, tá sé mar aidhm acu tógraí comh-aimseartha a dhearadh agus a co-ordnú a dheánann chur chun cinn agus forbairt ar ár n-oidhreacht agus teanga dúchasach agus iad a chuir i lathair i bhfoirm dearc ealaíne.

Ó thus 2008 bhí an file Nuala Ní Dhómhnaill agus an t-ealaíontóir Bernadette Ní Choitir ag obair le mhuintir Ghleann Cholm Cille, Teileann agus Chill Chartha - a bhfuil suim áirithe acu ins an Dinnseanchas áitiúil.

Mar chuid de cheiliúradh Féile na gCruach Gorm beidh taispeántas den dearc ealaíne a sheoladh don phobail ar an Cheadaoin 24ú Mean Fómhair. Ag an ócáid seo beidh deis ag an phobail casadh le na rannphairtithe agus na h-ealaíontóirí. Beidh forbairt leanúnach a dhéanamh ar an togra seo an bhliain seo chugainn.

Beidh dhá sheoladh a dhéanamh an Cheadaoin seo chugainn, 24 Meán Fómhair, an chead ceann in Aislann Chill Chartha ag an 6.00 in. agus an darna ceann in Oideas Gael ag an 8.00 in. Beidh solaistí ar fáil. Tá na taispeántais seo soar in aisce agus oscailte don Phobail go léir.

Ár mbuíochas le Oideas Gael, Comhairle Chondae Dhún na nGall agus Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall a thug tacaíocht don Togra.
Buíochas agus comhairdeachais spéisialta chuig na rannphairtithe.

Na rannphairtithe;
Dympna Towell, Carmel Butler, Christine Daly, Caitlín Mhic Fhoinngaile, Teresa Ní Chasaide, Caroline Molloy, Máire Mhic Fhionnalaigh, Séan Ó Beirne, Séan Ó Maitiú, Séan Ó Brádaigh, Seosamh Ua Gallachóir, Máire Ní Chasaide, Caroline Ní Chaisaide, Rang B Scoil Náisiúnta Chill Charthaí

Tograí Deireanacha 2

Tograí Deireanacha 2

Sean-Nós Nua : 2007
Cúlra

Is féile Deireadh Seachtainne atá i gceist le ‘Sean-Nós Nua’ agus is tionscnamh nualach, illmhéanach, cruthaitheach é a bhfuil curtha le chéile ag Ceardlann na gCroisbhealach i gcuideachta Pobail Scoil Colmcille, Thoraigh, tá triúr dheagóir déag ó Scoil Cholmcille Thoraigh páirteach sa thionscnamh seo. Cé go bhfuil na déagóirí seo ina chonaí ar oileán, 9 míle amach ón gcósta, ní go minic a bhíonn deis mar seo ar fáil acu. Is é príomh aidhm an Cheardlann nó cuir le‘meadú teorainneacha cruaitheach ’agus‘tionscnamh nualaí’ agus sin díreach mar atá le ‘Sean Nós Nua’ an tionscnamh is deirneach faoi lámh ag Ceardlann na gCroisbhealach. Déanann an togra seo sean traidisiúin an oileáin a aimsiú agus a ath-dhearadh i stíl comhaimseartha. Tá sé fíor-thabhachtach a chuir in iúl go ndearna an Cheardlann sean traidisiún agus saol an oileán a chaomhnú gan cuir isteach ar ‘saol an oileán’ nó a traidisiúin nó deá-chleachtais.

Spiorad agus anam ‘Sean Nós Nua’

Tá stór saibhir d’sheanchas ar Oileán Thoraigh rud a bhfuil said fíor-bhroidiúl as. Rinne Cheardlann na gCroisbhealach dearadh ar an Thogra ‘Sean Nós Nua’ chun cothú agus fiosriú a dhéanamh ar bhealach comh-aimseartha ar sin.

Tá cumas an Cheoil Thraidisiúnta, Sean nós (Sean-doigh) sainiúil le ceanntracha áirithe tríd na hÉireann, áit, m.s.h. Connemara, Tory etc. Tá tabhacht ar leith ag baint le slabhra an foghlaim san cheird seo. Tagann sé anuas ó ghlúin go ghúin ó sean daoine go dtí na paistí atá ag feachaint ortha ag seinm. Tá an suíomh, an lucht éisteachta, an nóimead, thar a bheith tabhachtach. Tá tromlach na gceoltóirí an-óg nó mean-aosta. Is docha nach nglacann na deagóirí leis, go háirithe na buachaillí ach ní hionnan sin 's a rádh nach lasfaidh an bród ann amach anseo. Thig leat sult a bhaint as an bhfoirm seo ealaíne go fóill ar oileán Thoraigh ag an fhéile Sean-nós bliantúil.

Tá gaol agus ceangal láidir ag an Saineolaí agus Údar an leabhar ‘Ar chreag i lár an farraige’; Ceoil agus ceoltóirí Oilean Thoraigh, Dr. Lillis Ó Laoire le Toraigh le fada an lá. Chuaigh Lillis Ó Laoire i mbun oibre ar Oileán Thoraigh i 1987 ag taifeadadh agus ag taighdú an sean-nós. Tá fianaise an thaighde seo le feiceáil sa leabhar. Le linn 2005 agus 2006 thug sé cuairt chuig na scoileanna ar an oileán agus muinntir an oileán i gcoiteanna ag leannacht le taifeadadh agus cothú sean-nós an oileán agus leis an t-aos óg a mhealladh ina dtreo, arís. Is ar mhaithe leis an obair seo go ndearaigh Cheardlann na gCroisbhealach an cosan seo agus ‘Sean Nós Nua’.

Ealaion, Ceol agus Ilaraíonach Oibreacha

Tá Scoil Ealaíne bunaithe ar Oileán Thoraigh ó na 1950ú nuair a thug an t-Ealaíontóir Derek Hill cuairt ar an oileán. Bhí muintir an oileán an-tógtha leis ach amháin James Dixon agus chuir sé in iúl do Derek gur féidir leis féin ealaíon níos fearr a dhéanamh agus is mar sin a thosaigh an scoil. Sa lá atá inniú ann tá nasc láidir idir ealaíontóirí Thoraigh, ina measc, tá Patsy Dan Mac Ruaidhrí Rí Thoraigh, Antoin Meenan, Ruairí Rodgers agus Michael Finbar Rodgers. Tá cliú agus cáil ar na h-ealaíontóirí seo agus Gailearaí Dixon ar fud an domhain. Is ar mhaithe le seo a rinne Ceardlann na gCroisbhealach tús leis an togra seo, chun thaispeáint d’ dheagóirí an oileán go bhfuil ceangal idir na h-ealaíona éagsúla.

Mar chuid den tionscnamh bhí ranganna ealaíne, a eagrú a dhéanann taiscéaladh ar chleachtais comhaimseartha, a gcur ar fáil ag An Ceardlann do na mic léinn uair sa tseachtain. Chun cur leis seo, thugadh na mic léinn ar cuairt chuig gailearaithe IMMA agus Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.
Déanann an tionscnamh seo a chuir leis an obair a chur Lillis Ó Laoire i gcrích i rith 2005/6. Thug na mic léinn cuairt ar an Nerve Centre i nDoire ar mhaithe le bonneolas a fháil ar chleachtais teicneolaíochta chruthaitheach chomhaimseartha. Mar thoradh air sin d’eagraíodh dianchlár ama de sheisiúin phraiticiúla in oiliúint speisialtóireachta, bhí na ranganna seo eagraithe ag an Nerve Centre agus ag Cheardlann na gCroisbhealach do na mic léinn ina scoil féin i dToraigh i measc na scileanna a bhí a fhoghlaim acu nó; scileanna ‘Garageband’, scileanna taifeadta láithreáin, scileanna ceamara, ag cur scéal ar chlár, scríbhneoireacht scripte, scileanna DJ, scileanna i dteicneolaíocht radhairc, scileanna taifeadta ‘Pro-tools’ & rl.

Féile Sean-Nós 13 – 15 Iúil 2007

Le bliantaí fada anuas tá Toraigh a bhaint amach ag cuid mhór saineolaí, idir antraipeolaí, eitneolaí, ceoltóirí, luibheolaí, béaloideasóirí agus daoine a bhfuil suim acu i gcultúr agus nósanna muintir an oileán agus tá go leor ailt agus leabhairí scríofa ag na daoine seo faoi méid a chuala agus a bhfaca said ach ní mar sin a deacaigh Ceardlann na gCroisbhealach i mbun oibre. Chun muinín agus suim a insealbhú i mic léinn Thoraigh cuirtear le chéile clár deireadh seachtaine a dhéanann ceiliúradh agus a thugann deis don t-aos óg a cnuasach úr-nua d’ shean-nós a chuir i mbéal an phobail ag an oscailt oifigiúl. "Buille Bhalor" an teideal an an dlú-dhiosca atá cumtha agus curtha le chéile ag an 13 déagóir. Ach amháin Liam Ó Maonlaí agus an Grúpa Albanach is iad Mhuintir Thoraigh iad féin atá páirteach sa bhféile.
Is príomh aidhm an féile nó ardán a thabhairt d’ oileanaigh a chuid cultúr cruaitheach féin a chuir ar an ardán. Tá Ceardlann na gCroisbhealach fíor bhrodiúl gurbh é féile mhuintir an oileán atá i gceist le Sean Nós Nua agus nach imeachtaí glactha ón Tír Mór agus curtha ar seó ar an oileán.

Ta an tionscnamh faoi choimisiún ag An Gailearaí, Le cúl taca ó Dr. Lillis Ó Laoire agus The Nerve Centre, Doire agus Script agus scéalaíocht le Dr. Lillis Ó Laoire

Tograí Deireanacha 3

Tograí Deireanacha 3

Tory Creative Tech Course, 2008

I rith na bliana bhí grúpa de aos óg an oileán ag glacadh páirt i scéim traenála i dtecineolaíocht cruaitheach I gcuideachta sar leachtóirí ón Nerve Centre.
Beidh Rónán Mac a Bhuí ó Raidió na Gaeltachta ag gearradh an chéad ribín ar Cheardlann na Rogairí, áis úr-nua an oileán a bhfuil in úsáid d’scannanaíocht anamúlachta a rinne urraíocht ar an scéim seo.
Ina dhiaidh sin ar aghaidh go dtí Club Theach Thoraí, áit a ghearrfaidh sé an ribín ar suíomh idirlín Oileán Thoraí agus Cartlann Thoraí.

Tograí Deireanacha 4

Tograí Deireanacha 4

Ceilp : 2002

Tá Ceardlann na gCroisbhealach, i gcomhar le Foinn Chonnallacha, ag déanamh forbartha ar thionscadal a bhaineann úsáid as dearc-ealaín agus ceol comhaimseartha le chéile. Beidh buaicphointe an tionscadail ann nuair a chuirfear seó ar leith dar teidil ‘Ceilp’ ar taispeántas ar an 8ú lá de mhí Mheithimh i ngailearaí na Ceardlainne, An Gailearaí.

Tá ealaíontóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, Barbara Freeman as Béal Feirste, ag obair le ceathrar mac léinn ceoil ó Fhoinn Chonallacha , ag déanamh taiscéaladh ar an fheamainn ‘Ceilp’. Táthar ag úsáid teicneolaíochta sa dá chineál ealaíne ar mhaithe le fuaim agus foirm a thabhairt dá dtaiscéalaíocht. Is iad Nuala Ní Dhomhnaill, an file clúiteach, agus Diarmaid Mac Lochlainn, ón Chomhairle Ealaíon, a osclós an taispeántas a bheas ar siúl ar feadh míosa.

Tá An Gailearaí, atá suite istigh i gceartlár na Gaeltachta i nDún na nGall, dírithe ar na healaíona comhaimseartha a chur ar taispeántas. Seo anois an tríú bliain don Ghailearí a bheith i mbun gnó agus tá sé dáiríre agus dúthrachta i dtaca le clár dúshlánach ealaíne den chéad scoth a tháirgeadh. Reachtálann Foinn Chonnallacha, atá fosta lonnaithe ar an Fhál Charrach, cúrsa i gceol traidisiúnta na hÉireann a bhfuil sé mar sprioc aige ceol traidisiúnta na tíre seo a fhorbairt agus a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta Tá an dá thionscadal seo ag fáil tacaíocht airgid ó Ealaín na Gaeltachta agus ón Chomhairle Ealaíon.

Léiríonn an tionscadal seo bealach nuálach le comhoibriú idir-ealaíon a dhéanamh. Tá dhá aidhm i gceist: i dtús báire, cuireann sé deis iontach ar fáil d'ealaíontóir na dearc-ealaíne agus do cheoltóirí a bheith ag comhoibriú go nuálach lena chéile. Agus sa dara cás, tá muid go mór i bhfách le go mbeadh an tionscadal seo ar cheann de shraith bhliantúil a dhéanfas cónascadh ar cheol traidisiúnta, ceol nua-chumtha, agus ar na dearc-ealaíona chomh maith le dearctheicneolaíocht agus fuaimtheicneolaíocht an cheoil. Tá aird an tionscadail dírithe ar chur chun cinn agus ar chur i láthair na n-ealaíon sa Ghaeltacht i modh atá spéisiúil agus nuálach trí mheán na Gaeilge. Creideann muid go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh deiseanna ag muintir na Gaeltachta eolas agus taithí a fháil ar na healaíona agus ar na gnéithe nuálacha atá gníomhach ina gceantar.