Mol an Óige agus Tiocfaidh an Ceol

Mol an Óige agus Tiocfaidh an Ceol

Liam de Frinse

Is ealaíontóir ilmheán é Liam de Frinse a bhfuil clú agus cáil air go príomha mar phéintéir ach a bhfuil aithne air fosta mar ealaíontóír suiteála, printéir agus dealbhóir bunaithe i mBéal Feirste. Ina theannta sin, bhí sé ina fhile taibhréime, ina scríbhneoir, ina chartúnaí agus bhí baint aige le raidió, teilifís agus le scannáin ealaíne. San am a chuaigh thart, ba léirmheastóir ealaíne agus saoririseoir / grianghrafadóir é Liam do The Irish News, The Ulster Tatler, Fortnight Magazine, Perspective (Iris do Chumann Ríoga Ailtirí Uladh), Omnibus, Causeway Magazine, Malairt agus Hibernia. Bhí sé ina bhall bunaidh den Art and Research Exchange, brainse de thionscadal Ollscoile saor in aisce de chuid Joseph Beuy, nach maireann, agus bhunaigh sé amharclann sráide polaitíochta i mBéal Feirste sna 1970idí. 

Is éard atá i gceist le hobair Liam ná dian-thaighde, tógáil chruthaitheach agus díthoiltiú, cur i láthair agus idirghníomhaíocht. Is ilmheán é, a fhostaíonn scileanna traidisiúnta, iad á gcomhcheangal le modhanna comhaimseartha chun sineirgíocht agus dialóg a tháirgeadh. Tá na scileanna sin idir Ealaín Talún a bhaineann go sonrach le Suíomh, Suiteálacha Tionsclaíocha, go dealbhóireacht, cóimeálacha, péintéireacht, priontáil, físeán digiteach agus grianghrafadóireacht ag brath ar shuíomh an chur i láthair. Tá an saothar turgnamhach den chuid is mó agus baineann sé le droichid a thógáil idir disciplíní éagsúla, amhail Eolaíocht agus Ealaín, Matamaitic agus Ealaín, Éiceolaíocht agus Ealaín, Litríocht agus Ealaín, Ceol agus Ealaín, rud a fhágann go bhfuil sé níos inrochtana do lucht féachana níos leithne. 

Tá saothar Liam mar chuid de bhailiúcháin chorparáideacha agus phríobháideacha ar fud an domhain. Taispeánadh a chuid oibre i Nua Eabhrac, Páras, Baile Átha Cliath, Londain, Moscó, Barcelona, L’Orient, Tóiceo, an Afraic Theas, an Astráil, an Eilvéis, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Iodáil, Ceanada agus in Éirinn.  I Márta 2005 bhuaigh sé an phríomhdhuais ag an chéad Taispeántas Ercole d’Este  san Iodáil agus i 1997 tugadh cuireadh do Liam ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an bhFéile Cheilteach Idirnáisiúnta i L’Orient. Sa bhliain 1993 ainmníodh é do Dhuais Turner. Go dtí seo tá38 taispeántas aonair déanta ag Liam agus ghlac sé páirt i níos mó ná 100 seó grúpa ar Leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. 

In 2019 d’fhorbair agus léirigh Liam taispeántas dar teideal ‘Línte Teorann - Borderlines’ a bhí ina aistear isteach i réimse éagsúlacht dathanna agus cultúir i spás ina mbuaileann uirbeach leis an tuath i léirmhíniú comhaimseartha ar an tírdhreach i gCúige Uladh agus go háirithe an spiorad atá ann inár séadchomharthaí ársa agus in ealaín carraige. Spreag an obair seo 'Painting by numbers - the de Frinse code' a bhí bunaithe ar uimhreacha códaithe i ndath. Mar sin, is forbairt é an taispeántas seo ar an taispeántas roimhe seo agus tá lúcháir ar An Gailearaí an seó iontach bríomhar agus ildaite seo a óstáil ina bhfostaíonn de Frinse próisis éagsúla amhail péintéireacht, priontáil agus stionsaláil. Is próiseas ársa, spreagúil, ar an bpointe agus solúbtha é an priontáil a leagann síos bonn na teoirice datha gur féidir le duine ar bith a fhoghlaim.  Agus mar sin, i spiorad théama Scoil Gheimhridh na bliana seo 'Mol an Óige agus Tiocfaidh An Ceol', beidh an t-ealaíontóir ag tabhairt 2 cheardlainn darb ainm 'Tús eolais ar Priontáil'. Cuirfidh ar chumas na rannpháirtithe glacadh le ag déanamh, ag meascadh agus ag úsáid dath (Féach scoilgheimhridh.com le haghaidh sonraí faoi cheardlanna).

Úna Campbell
Geimhreadh 2021

Priontáil do Thosaitheoirí: 29 & 30 Nollaig 

Tar agus foghlaim bunghnéithe na priontála leino-ghearrtha a osclóidh suas saol nua faoin dath duit  Mar chuid de Scoil Gheimhridh 2021/22, cuirfidh an Gailearaí taispeántas iontach i láthair ag ceann de phríomh-ealaíontóirí na hÉireann, Liam de Frinse. I spiorad téama na bliana seo 'Mol an Óige agus Toicfaidh An Ceol' cuirfidh an t-ealaíontóir 2 cheardlann priontála ar fáil do thosaitheoirí. Ní theastaíonn aon réamheolas, cuirfear na hábhair uilig  ar fáil, tabhair leat sean-naprún / léine. Beidh na ranganna teoranta do 10 rannpháirtí.

Áirithint Riachtanach | Riachtanas aoise íosta: 10mbliana+ | Am: 10.00rn - 3.00in | Áit: PCC

*Reáchtálfar an cheardlann trí Ghaeilge

 
 
 

Mol an Óige agus Tiocfaidh an Ceol

Liam de Frinse

Liam de Frinse is a respected multimedia artist, distinguished principally as a painter but also well known as an installation artist, printer and sculptor based in Belfast. In addition, he was a performance poet, writer, cartoonist and has been involved with radio, television and art films. In the past, Liam was an art critic and freelance writer/photographer for The Irish News, The Ulster Tatler, Fortnight Magazine, Perspective (Journal for The Royal Society of Ulster Architects), Omnibus, Causeway Magazine, Malairt and Hibernia. He was a founder member of Art and Research Exchange, a branch of late Joseph Bueys Free University Project and established political street theatre in Belfast in the 1970’s. 

Liam's work involves intensive research, creative construction and deconstruction, presentation and interaction. It is multimedia, employing traditional skills, fusing them with contemporary methods to produce a synergy and dialogue. They range from Site specific Land Art, Industrial Installations, to sculpture, assemblages, painting, printing, digital video and photography depending on the location of the presentation. The work is largely experimental and involves building bridges between different disciplines, such as Science and Art, Mathematics and Art, Ecology and Art, Literature and Art, Music and Art, thus making art more accessible to a wider audience. 

Liam's work forms part of corporate and private collections worldwide. His work has been shown in New York, Paris, Dublin, London, Moscow, Barcelona, L’Orient, Tokyo, South Africa, Australia, Switzerland, Germany, Denmark, Italy, Canada and the island of Ireland. In March 2005 he won the premier award at the first Ercole d’Este Exhibition in Italy and in 1997 Liam was invited to represent Ireland at the International Celtic Festival in L’Orient. In 1993 he was nominated for the Turner Prize. To date Liam has had 38 solo exhibitions and participated in more than 100 group shows on a national and international Level.

In 2019 Liam developed and produced an exhibition entitled ‘Línte Teorann - Borderlines’ which was an adventure into the realm of the diversity of colour and culture in a space where urban meets rural in a contemporary interpretation of the landscape in Ulster and specifically the spirit contained in our ancient monuments and rock art. This work then inspired 'Painting by numbers - the de Frinse code' which was based on codifying numbers into colour. This exhibition then is a development of this previous exhibition and An Gailearaí is thrilled to host this fabulously vibrant and colourful show within which de Frinse employs a variety of processes such as painting, printing and stencilling. Printing is an ancient, exciting, immediate and flexible process that lays down the basic foundations of colour theory which can be learnt by anyone. And so, in the spirit of this year’s Scoil Gheimhridh theme - ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh an Ceol’, the artist will deliver 2 ‘Introduction to Printing’ workshops which will enable the participants to embrace the world of making, mixing and using colour (see scoilgheimhridh.com for details of workshops).

Úna Campbell
Winter 2021

Printing for Beginners : 29th & 30th December

Come and learn the basics of lino-cut printing that will open you up to the world of colour. As part of Scoil Gheimhridh 2021/22, An Gailearaí will present a wonderful exhibition by one of Ireland’s leading artists, Liam de Frinse. In the spirit of this year’s theme ‘Mol an Óige agus Toicfaidh an Ceol’ the artist will deliver 2 printing for beginners workshops. No previous knowledge required, all materials will be provided, bring an old apron/shirt and classes limited to 10 participants. 

Booking essential | Minimum age: 10yrs + | Time: 10.00am – 3.00pm | Location: PCC

*Workshop will be conducted through Irish.