Ceolchoirm agus Taispeántas | Concert and Exhibition

Ceolchoirm agus Taispeántas | Concert and Exhibition

Coirm Ceoil

Agus tréan-iarracht na mac léinn agus na rannpháirtithe eile tagtha chun deiridh, chinn muid ar chóisir a bheith againn le ceiliúradh a dhéanamh ar an dea-obair uilig - rud a d’fhás ina fhéile úr don oileán. Cuireadh tús le deireadh seachtaine a bhí lán d’imeachtaí le coirm ceoil oíche Dé hAoine. I dtosach báire seoladh CD úr de cheol na mac léinn dar teideal Buile Bhaloir agus taispeánadh scannán ar DVD a rinne taifeadadh den tionscadal uilig. Ina dhiaidh sin chuir amhránaithe seannóis an oileáin a gcuid buanna siúd i láthair – agus ina measc bhí amhránaithe a bhí chomh hóg le hocht mbliana d’aois agus suas go dtí na ceithre scór. Ansin chuaigh Liam Ó Maonlaí ar an ardán agus ina dhiaidh siúd an grúpa ó Albain Face the West. Bhí an fhéile Sean-nós Nua tagtha ar an saol!

Cosán Taispeántais

Tugadh cuireadh do bhunadh an oileáin agus do chuairteoirí araon bheith linn ar ‘turas’ thart ar na taispeántais – trí cinn acu, le bheith cruinn faoi.

Na Mic Léinn

Ghlac muid seilbh ar an ionad pobail ar mhaithe le saothar ealaíne na ndaltaí scoile a chur i láthair. Ócáid fhíorthaitneamhach a bhí ann agus bhí tuistí s’acu i láthair agus iad go bródúil. Agus ár ngloiní sa láimh againn bhog muid ar aghaidh ansin go dtí an chéad taispeántas eile agus an dara seoladh den lá.

Ealaíontóirí Thoraí

Ghlac na healaíontóirí sin uilig a bhfuil baint acu le Scoil Ealaíne Thoraí faoi láthair, páirt i dtaispeántas a cuireadh ar siúl don phobal. Chuir Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruairí, fearadh na fáilte romhainn uilig, agus díoladh roinnt saothar. Agus uair amháin eile, agus greim láimhe go fóill againn ar na gloiní, ghluais muid linn go dtí an tríú taispeántas.

Oileánaigh

Bhronn muid trí cheamara aon uaire ar na mic léinn ag iarraidh orthu saol s’acu a cheapadh ar ghrianghraif. Cleachtadh spéisiúil a bhí anseo, óir de ghnáth is a mhalairt scéil a bhíonn i gceist nuair is cuairteoirí na daoine a bhíonn ag glacadh grianghraif de na hoileánaigh agus dá n-oileán. Eachtra tairbheach a bhí ann mar sin. Ina dhiaidh sin, agus na grianghraif réalaithe agus curtha i bhfrámaí, cuireadh ar taispeáint iad i bhforhalla an óstáin.

 
 

Concert

After all the students and participants’ labours, we all decided to have a party to celebrate – this the evolved into a new island festival. We began a weekend of events beginning with a concert on the Friday night. The evening kicked off with the students who launched their new music CD ‘Buile Bhaloir’ and a screening of a DVD that recorded the project. We followed then with recitals of all the Sean Nós singers on the island ranging from 7 – 80 years of age. Then Liam Ó Maonlaí took to the stage followed by Scottish band ‘Face the West’. The Sean-nós Nua Festival has been born!!

Exhibition Trail

We invited the islanders and visitors to join us on a ‘turas’ of exhibitions, 3 to be exact.

The Students

We took over the community centre hall to present the school students artistic endeavours. It was a lovely occasion and all their parents proudly attended. Glasses I hand we all moved on to the next exhibition launch.

Tory Painters

All the current members of the School of Tory Painters participated in presenting an exhibition to the public. The king ‘Patsy Dan Rogers’ welcomed us all and a few sales were secured. Again, clutching our glasses we moved onto the third show.

Islanders

We gave every student a bag of 3 disposable cameras and invited them to ‘snap’ their world. This was an interesting exercise as it is usually the other way around – visitors snapping the islanders and their island, so this was a very worthwhile task. The developed photos were then mounted and presented as an exhibition in the foyer of the island hotel.