Ciall - Mothú den Ghaeltacht / A Sense of Gaeltacht

Ciall - Mothú den Ghaeltacht
Roghnaithe ag an Ollamh Lillis Ó Laoire & Nuala Ní Fláthúin ó bhailiúcháin IMMA, Chomhairle Ealaíon na hÉireann agus Ghailearaí an Ghlebe
Is tionscadal tiomnaithe taispeántais chomhaimseartha é An Gailearaí atá lonnaithe i nGaeltacht Iarthuaisceart Dhún na nGall. Tá sé ag feidhmiú ó 1999 agus faigheann sé tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá clár bliantúil taispeántas á reáchtáil ag An Gailearaí ó cuireadh tús leis, chomh maith le clár bliantúil pobail agus oideachais a chur ar fáil; is féidir amharc ar an chúlchatalóg ag www.angailearai.com.
Tá ceangal láidir ag An Gailearaí le himeall thiar na tíre, ach ní go iomlán, leis na healaíontóirí atá ag cleachtadh ann, leis an chultúr, leis an oidhreacht agus leis an tírdhreach. Bíonn tionchar ag na gnéithe seo, a dtugaimid ‘íogaireacht Ghaeltachta’ orthu, ar an roghnú coimeádaíochta agus ar an chlár sceidealú.
Ina leabhar ‘Sailing for Home’ in 2004, agus é ag seoladh ó Antigua go Corcaigh agus ag féin mhachnamh le breacadh an lae, tháinig an smaoineamh do Theo Dorgan go raibh sé, ansin díreach, ar bhád beag i lár an aigéin, i nGaeltacht dáiríre. Aithníonn an smaoineamh seo, nó an mothú seo ba chirte a rá, íogaireacht — íogaireacht Ghaeltachta go sonrach — nach bhfuil ceangailte le hÉirchód ná le ceantar ar leith, ach atá istigh sa duine agus a iompraíonn an duine leis.
Is féidir an focal Gaeilge ‘ciall’ a aistriú mar ‘sense’, ‘meaning’ nó ‘mind’ — íogaireacht, déarfá. Thar na blianta, tá An Gailearaí Dhún na nGall ag leanúint de bheith ag fiosrú agus ag scrúdú na gceisteanna seo: ‘cén chuma atá ar an chiall seo?’, ‘conas a léirítear í?’, ‘cad iad na tionchair atá uirthi?’ agus araile.
Sa bhliain 2011, d’aistrigh An Gailearaí ó Fhál Carrach go dtí an t-ionad nua againn anseo i nGaoth Dobhair, agus ba í ‘Ciall’ an chéad taispeántas a reáchtáladh ann; glaoch oscailte a bhí ann ar amharc-ealaíontóirí ar fud na tíre a raibh ceangal acu leis an nGaeltacht nó tuiscint dhúchasach acu uirthi. Deis iontach a bhí ann chun an plé sin a leathnú amach, agus bronnadh príomhdhuais ar an ealaíontóir as Conamara, Seán Ó Flaithearta.
Ag leanúint den fhiosrú seo, roghnaigh an tOllamh Lillis Ó Laoire, Dún na nGall, agus an mac léinn dochtúireachta Nuala Ní Fhlathúin, Conamara, ár dtaispeántas úr ó bhailiúcháin IMMA, Chomhairle Ealaíon na hÉireann agus Ghailearaí an Ghlebe. Ba é an cúram a bhí orthu ná saothair a roghnú a spreag an ‘braistint Ghaeltachta’ seo agus míniú a scríobh ina dteannta. Gabhaimid buíochas le Lillis agus le Nuala, agus táimid ag súil go mór le bhur bhfreagraíse, sibhse, an lucht féachana.
Ciall - A Sense of Gaeltacht
Selected by Prof. Lillis Ó Laoire & Nuala Ní Fláthúin from the IMMA, Arts Council & Glebe Gallery Collections