Ar an Chearnóg - On The Square

Ar an Chearnóg - On The Square

Ar an Chearnóg

Barbara Freeman

Suiteáil Amharc-Fuaime leis an chumadóír Joel Cathcart

Chomhoibrigh an t-ealaíontóir Barbara Freeman leis an chumadóir Joel Cathcart chun an saothar seo dealbhóireachta, líníochtaí agus fuaime a chruthú. Ba é Gailearaí agus Stiúideo úrnua F.E.McWilliam i nDroichead na Banna, Tuaisceart Éireann, a rinne coimisiniú ar an saothar. Tá an píosa dealbhóireachta i lár an taispeántais cruthaithe ó cheithre chiúb greanta Perspex laistigh de chiúbanna. Tá saothar fuaime Joel Cathcart curtha le chéile ina dhá chuid: ton glan uirlise agus fuaimdhreach bunaithe ar thaifeadtaí a rinneadh amuigh sa timpeallacht. Tagann an dá chuid amach as an dealbh sa lár.

I gcodarsnacht leis na ciúbanna meaisíndhéanta, tá boigeacht agus gotháil sna cúig cinn déag de líníochtaí atá tarraingthe le gualach, crián cointé agus cailc. Léiríonn na cáilíochtaí seo lámh an ealaíontóra agus tugann siad gné mhothúchánach isteach sa saothar ina iomláine. Cuireann cuid de na líníochtaí, iad go léir bunaithe ar idé na cearnóige, léaráidí do chéimeanna damhsa i gcuimhne dúinn. Tá na cinn eile níos mó cosúil le pleananna ailtireachta nó imlínte d’fhoirgnimh dá mbeadh duine ag amharc anuas orthu ón spéir. Go bunúsach, tá Ar An Chearnóg déanta suas d’eilimintí éagsúla a chónascann chun idirghníomhaíocht dhinimiciúil a chruthú idir solas agus fuaim sa spás.

 

On The Square

Barbara Freeman

A Visual/sound installation with Joel Cathcart"

Artist Barbara Freeman collaborated with composer Joel Cathcart to develop this installation of sculpture, drawings and sound which was commissioned by the new F.E.McWilliam Gallery & Studio in Banbridge, N.Ireland. The sculpture that forms the centrepiece of the exhibition is created from four engraved Perspex cubes within cubes. Joel Cathcart’s sound installation consists of two parts: a pure instrumental tone and a soundscape based on exterior environmental recordings, both emanate from the central sculpture.

In contrast to the machine-produced cubes, the suite of fifteen drawings in charcoal, conté and chalk are soft-edged and gestural. These qualities display the hand of the artist and introduce an expressive element into the installation as a whole. All based on the idea of the square, some of the drawing evoke diagrams for dance steps, while others are more like architectural plans or the outlines of buildings seen from far above. Ultimately, On The Square is an installation of diverse elements that unite to create a dynamic interaction of light and sound in space.