Spiorad Thír Chonaill - Spirit of Donegal

Spiorad Thír Chonaill - Spirit of Donegal

Spiorad Thír Chonaill

Derek Hill agus a chairde

Is iomaí duine a thugadh cuairt ar Derek Hill ina theach cónaithe i Mín a’ Lábáin, agus go mionminic, is ealaíontóirí eile a bhíodh iontu. Bhí sé ina thraidisiún aige féin agus a chuid cuairteoirí imeacht leo ag péinteáil ‘en plein air’. Nuair a bhíodh obair an lae curtha i gcrích, ba ghnách leo malartú a dhéanamh ar na saothair ealaíne. Ar an dóigh seo, chruinnigh Derek Hill bailiúchán galánta pictiúirí de Dhún na nGall a rinne ealaíontóirí eile. Is é an rud is suimiúla fáseo ná gur cuireadh na saothair seo i gcrích go minic i stíl nach raibh aitheanta againn mar ghnáth stíl an ealaíontóra a bhí ar cuairt. Cuireann na saothair seo réimse éagsúil leitheadach d’íomhaí Dhún na nGall os ár gcomhair.

 

Spirit of Donegal

Derek Hill and Friends

Derek Hill had many visitors to his house at Churchill and very often other artists. The tradition was that he and his visitors would set off to paint together ‘en plein air’. After the day’s work they would then swap the art works. This way Derek Hill gathered a beautiful collection of paintings of Donegal by other artists. The interesting thing here is that these works quite often were executed in a style other than the established style familiar to us by the visiting artist. These works offer us a varied and broad range of ‘visions’ of Donegal