Cnuasach Chloich Cheann Fhaola - Gatherings Cloughaneely

Cnuasach Chloich Cheann Fhaola - Gatherings Cloughaneely

Cnuasach Chloich Cheann Fhaola

Janet Ledsham

Cé gur cuairteoir rialta go ceantar Chloich Cheann Fhaola atá san ealaíontóir teicstíle, Janet Ledsham, is é seo an chéad uair a bheas sí ag cur taispeántas dá cuid saothar ar fáil i nDún na nGall, saothar a bhfuair sí inspioráid faoina choinne ón cheantar áitiúil. Is léachtóir í in Ollscoil Uladh le mórán blianta agus le linn an ama sin is iomaí taispeántas atá tugtha aici ar fud an domhain agus bhí sí ar an ghearrliosta do Dhuais Jerwood sa bhliain 1997. Tá saothar Janet curtha le chéile ó fheilt atá lámhdhéanta go healaíonta. Fite fuaite fríd an tsaothar seo go léir, tá cnámharlaigh duilleog, síolta agus ábhar eile a cruinníodh thart fán cheantar. Ar ndóigh, tá sobhristeacht, lobhadh agus athghiniúint ina bpáirt lárnach de phróisis nádúrtha agus tá aird bhunúsach aici ar na gnéithe sin.

Tá cuid de na mórphíosaí dealbhacha iontach cumhachtach agus spreagthach; tá cuid eile ina struchtúir fhíneálta trédhearcacha. Cruthaíonn Janet leideanna do radharcanna tíre a mhúsclaíonn cuimhní cinn fá am agus áit. Sna píosaí is míne, féachann sí le léiriú a thabhairt ar an imeartas neamhbhuaine solais a chuireann forscáth na coille i gcuimhne do dhuine.  

 
 
 

Gatherings Cloughaneely

Janet Ledsham.

Textile artist Janet Ledsham has been a regular visitor to the Cloughaneely area and will exhibit for the first time in Donegal work inspired by the location. Whilst lecturing in University of Ulster for many years she has exhibited extensively throughout the world and was shortlisted for the ‘Jerwood Prize’, 1997. Janet’s work is constructed from handmade felt fashioned in a painterly manner. Enmeshed in the material are skeletonised leaves, seed heads and elements gathered on location. Fragility, decay and regeneration are inherent elements of natural processes and are fundamental concerns of her work.

Of the largescale sculptural pieces some are compelling and powerful and when others are fine transparent structures. She creates allusions to landscapes which can evoke memories of a time and place. In her more delicate pieces she aims to capture the transient play of light reminiscent of a woodland canopy.